You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. malairt
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): barter, swap
    Sampla(í) Úsáide: malairt a dhéanadh = make a swap. Rinn' sé malairt leis a' gcapall i gcoinne seafaid annlaogh. = He bartered a horse for an in-calf heifer. Deanfaidh me malairt leat. = I'll make a swap with you.
    Tuilleadh
  2. malartuigh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to swap, to barter
    Sampla(í) Úsáide: Rud a mhalartughadh. = To swap something, to barter it for something else, Mhalartuigh sé an capaillín ar sheafaid agus laogh. = He swapped the pony for a heifer and a calf.
    Tuilleadh
  3. mall
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): slow, late, tardy
    Sampla(í) Úsáide: luath nó mall. = early or late
    Tuilleadh
  4. malluighthe
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): malevolent, wicked
    Sampla(í) Úsáide: fear malluighthe = a "dangerous" man, a wicked man. "Is malluighthe an dream tuinncéirí." = (Amhrán).
    Tuilleadh
  5. malluighthe
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): hateful, cursed, vicious
    Sampla(í) Úsáide: gráin mhalluighthe = a "vicious" hatred. Bhí an ghráin mhalluighthe aige ar gach aon rud a bhain le Sasana. = He had a deadly hatred
    Tuilleadh
  6. mam
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): Mammy
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): mam, maimí = ainm ceana ar "mháthair"
    Sampla(í) Úsáide: mo mham, mo mhaimí. Bhris sé croidhe a mham.
    Tuilleadh
  7. manage-áil
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): To make ends meet, to manage
    Sampla(í) Úsáide: Ní raibh sí ábalta ar mhanage-áil ar pádh a fir. = She couldn't "manage" on her husband's pay. Ní raibh sé ábalta ar mhanage-áil ar a thuarastal.
    Tuilleadh
  8. mangaire
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): merchant, trader
    Sampla(í) Úsáide: mangaire éisc = fishmonger. mangaire iarrainn = Iron monger. mangaire olainne = wool buyer.
    Tuilleadh
  9. mangaire
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): hawker, trawling dealer
    Sampla(í) Úsáide: Bíodh asal ag mangaire agus rudaí mar adhbhar culaith éadaig, bróga 7rl. 'ghá ndíol aig Mangaire éisc. = Theigeadh sé isteach sa tuath le h-ualach scadán 7rl. ó Dhúngharbhán. = B. "Fish joulter". "hacéir" ar go minic sa nG.
    Tuilleadh
  10. mant
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): fiacail
    Tuilleadh

Pages