You are here

ar

  1. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (s) air. .i. ina aimhdheoin "on him" (i mbrla. na héir.)
    Sampla(í) Úsáide:
    "Iad a dhul ó chomhaireamh ort" (46). "Tá sé ag dul ó aithne orm" (23). "D'iompuigh an t-ualach air" (27) .i. D'iompuigh sé - rud nach raibh sé a iarraidh. "Bhí sé ag spréacadh orm" (27) .i. Bhí se ag spréacadh, im' aimhdheóin. "Chuireadh mo chodhladh amugha orm" (1) "Chuir sé 'goal' amach orthab" (1) "Tá sé ag dul ar fudar ort" (7).
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (i) ar + a.br.
    Sampla(í) Úsáide:
    "Bhí siad ar an obair chéadna" (1) .i. bhí an obair chéadna ar bun acub. "Duine ar bith bhíos ar an obair sin" (2) .i. ag déanamh na h-oibre sin. "Ar an ngrágghail céadna" (1) "Theighdís ar réidhteach" (33).
  3. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. ar + f.-ainm sealbh, + a. br. .i. le linn, le,
    Sampla(í) Úsáide:
    "Tá sé an aimiléiseach ar a chuid óil" (7) .i. le linn dó dó bheith ag ól. "Tháinic sé go dtí mé ar mo chuid oibre" (3). "Bó nach mbeadh socair ar a bleaghaint" (27).
  4. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r. fhoc. (h) .i. le déanamh ag duine, á dhéanamh ag duine.
    Sampla(í) Úsáide:
    "Cé'n obair bhíos ort?" (6) .i. Cé'n obair bhíos á dhéanamh agat. "Tá a bhiseach ar Dia" (1a) .i. le socrú ag Dia. "An mbíodh obair mhór orthab?" (12) "Nach sin í an cheird atá orthab" (4). "Níl orainn ach lasgadh siar" (32). "Ní aistir fada ort é" (14). "Ní bhíonn ar an gcapaill ach luighe agus eirghe" (2). "Pé brí céard' os breathnú bhí uirthi" (4) .i. a bhí ar bun aice. "Bhí síofróireacht air" (1). "Níl aon stopann orthab" (15) .i. Ní stopann siad chor ar bith. "Is ort atá an mhogailt air" (27) "Imtheacht ar bheithidhigh? (30) .i. bhfuil siad ag imtheacht (dhá cheannacht) "Níl aon néall air ach oiread leis an easóig" (1).
  5. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (w) Tréis ainmneacha bhaineas le 'tinneas', 'mothú' srl.
    Sampla(í) Úsáide:
    "Tá slaghdán orm" (27). "Tá dearmad orm" (2) "Tá dul amugha ort" (1). "Nach air atá sé (1) .i. nach air atá an smál, an díthchéille.
  6. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (a) le cuspóir a n a. br. a cur i gcéill,
    Sampla(í) Úsáide:
    "Ní raibh aon fheiceáil orthab" (13) .i. Ní raibh siad le feiceáil. "Ní raibh aon fhagháil air" (13). "Bhí an-mharbhú indiu orthab" (1) .i. Bhí siad dhá mharbhú go tréan indiú. "Bhí sgiobadh uirthe" (4) .i. bhí sí dhá sgiobadh. "Nach uirthe atá an fuadach" (1a) .i. nach í (móin) atá dhá fuadach. "Níl agam ach cloisteáil agam air" (3) .i. Níl ann ach gur chuala mé é. "Tá an-mholadh aige ort" (4) .i. molann sé go mór tú. "Ní raibh aon fhoghluim acub uirthi" .i. Ní raibh sí foghluimthe acu. "Ní raibh aon aireachtáil air" (1). "Ní raibh blas éagcaoineadh aige air" (2). "Iompuig í, ar ndóígh ní iompú é sin uirthe" (25). "Marach gur airigh sé siúd an t-ídiú air" (25). "Marach gur airigh sé súid an t-ídiú air" (43). "Tá réidhteach áirid air" (1) .i. tá bealach airid le'n é (biadh) réidhteach. "Níl aon phósadh air" (7). "Ní raibh cead caithte tobac ann" (27) "mbeadh aon leigheas ar casacht agat?" (33).
  7. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (a) in abairt dhiúltach.
    Sampla(í) Úsáide:
    "Níl aon chur amach mór uirthe, bhfuil?" (43) .i. níl mórán trioblóid ag baint le'n í (feamuinn) chur amach bhfuil? "Níl aon socrú air" (1a) .i. Ní trioblóid ar bith é a shocrú. "Níl aon chur síos uirthe" (3) .i. ní trioblóid ar bith í chur síos.
  8. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (b) tabhairt + a.br. + ar
    Sampla(í) Úsáide:
    "Meas tú a dtugadh sé róstadh ar bith ar a bhfeoil" (6) "Pé brí coiriú thiubhraidhe ar leaba an táilliúra" (13). (Féach 'tabhairt' faoi'n a bhfuil tille samplaí).
  9. ar
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (c) déanamh + a.br. + ar
    Sampla(í) Úsáide:
    "deabhal doghadh dhéanfar ar thada" (7).
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    r.fhoc. (d) San áit mbeadh an r.fhoc. 'i' i mBéarla.
    Sampla(í) Úsáide:
    "Tá siúcra air" (3) (ar an tae) "Ní raibh sile (bainne) agam le cur ar an tae" (1) "Builín bruithte ar bhainne" (1). "Póca raibh poll air" (2). "Tá súil ar an ngriféad" (7). "Ar an saoghal seo" (1), 'ar neamh' (1) A. "Bhfuil saoghal eile ann?" B. "Níl fhios agam ní raibh mé air" (3). "Cailleadh ar an leaba é" (33), "Ní raibh aon leaba sa teach nach raibh beirt uirthe" (33). "Ar aon leaba bhídis" (25). "Deamhan pighinn ar m'fhághaltas" (33). "Shíl mé go raibh solas ar an lampa seo" (1a). "Níl móin ar bith is is breácha mbíonn solas solas uirthe ná'n mhóin ghiolcaigh sin" (39). "Bhfuil breac ar bith dhá mharbhú uirthe" (1a) (ar an loch). "Tá iasg ar an loch sin" (12) (ach "bhfuil aon bhreac sa loch?" (1) .i. faoi láthair). "Bhí ceithre cinn déag ar an ál sin" (4). "Obair a bhfuil ceird uirthe" (4). "Ní bhíodh aon im ar an mbainne" (33). "Tá'n ghrian ar an aer" (1) 'ar an spéar (1a).

Pages

Subscribe to ar