You are here

ach

  1. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá siad ag goil ar bhaint fhraoigh ach a dtiocfaidh as sioc, they are going to start cutting heather as soon as the frost comes. ...... ach a dtosaí siad ag leagan beatha anuas (25) as soon as they start serving food.
  2. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Ní chreidfeá ach an t-iongnadh a chuir sé air, you wouldn't believe the wonder it caused him. Is beag nach gceapfá ach gurb é deireadh an tsaoghail é (1a) you would almost think that it was the end of the world.
  3. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Deabhal blas atá siad a fhagháil sa mbaile mór ach mar atá muide a fhagháil (1), devil a bit are they getting in the town other than what we are getting. Ní thiobhrtha samhail ar bith dhá chuid stocaí ach mar thomfá síos i mbuicéad uisce iad, his stockings were as if you steeped them in a bucket of water.
  4. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    Blas ar bith ach, ceo ar bith ach.
    Sampla(í) Úsáide:
    Blas ar bith ach gur thug mé aniar iad (50) I only just succeeded in bringing them from the west. Ceo ar bith ach nár leag sé é (2) he almost knocked him down.
  5. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    no more than that
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    ach mar sin
    Sampla(í) Úsáide:
    Dheamhan a fhios agam ach mar sin (62) I know no more than that. An rabh ciall ar bith ariamh agat ach mar sin, (3) had you ever any sense other than that.?
  6. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    no more than, the same as
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    ach oiread le
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí a dóthain ólta aige ach oiread le duine, he had enough drink taken, the same as some others. Ceard é féin ach oiread le fear ar bith, what is he any more than any other man?
  7. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Sén t-ainm thugann siad air ach 'scut' (23), the name it is called is 'scut'. Bhfuil fhios agat cé d'innseodh é sin dhuit ach Seánín Beag (4), do you know who would telll you that - Seánín Beag/
  8. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Dheabhal néall a tháinic orm féin i gcaitheamh na hoídhche ach ar an gcathaoir (46) I slept no wink during the night but (I remained in the chair) . Ní bhíodh acub fadó ach ag cráigáil go Gaillimh (2), they had no transport in the old days but (they used to have to) walk to Galway. Ní raibh mórán agam ach imeacht ag tomsacht anonn is anall (4) I hadn't much but (had to) go about collecting here and there.
  9. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Dheamhan difríocht a bhí ann ach oiread le bheith annseo, it was no different from being here.
  10. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    comhareamh

Pages

Subscribe to ach