You are here

ach

  1. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    2. Réamh. Dobh (e) (Mír threise in abairt a bhfuil duine a ainmniú)
    Sampla(í) Úsáide:
    Sé an t-ainm thugann siad air ach 'scut' (23) the name he is called is 'scut'. Bhfuil fhios agat cé d'innseodh é sin dhuit ach Seáinín Beag (4) do you know who would tell you about that - Seánín Beag.
  2. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    2. Réamh. dobh. (d) (Le fo-rá atá easnamhach).
    Sampla(í) Úsáide:
    Deabhal néall a tháinic orm féin i gcaitheamh na hoídhche ach ar an gcathaoir (46), I slept no wink during the night but (I remained) in the chair. Ní bhíodh acub fadó ach ag crágáil go Gaillimh (2), They had no transport in the olden days but (they used to have to) walk to Galway. Ní raibh mórán agam ach ag imtheacht ag tomsacht anonn is anall (4), I hadn't much but (had to) go about collecting here and there. Níor stop sé ach ag cainnt, he never stopped talking.
  3. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    (c) Compared to.
    Sampla(í) Úsáide:
    Ní fhaca tú aon cheo ariamh ach Gaillimh an uair sin. (43), you never saw anything compared to Galway at that time. Ní fhaca mise aon fhear a rabh ubhallaí aige ach C. (52) I saw no man with as many (as good) apples as C. An fhaca tú aon rud ariamh a caitheadh in aer ach iad. (22)? Did you ever see anything that was discarded like them. Ní fhaca tú ariamh ach a bhfuil de bháid ag goil soir, You never saw anything compared to the number of boats that are going east.
  4. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    (b) Except for, but.
    Sampla(í) Úsáide:
    Trí scóir ach péire (23), three score but two. Fuair mé chúig phunt ach coróin air (22), I got five pounds but five shillings for it.
  5. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    (a) but, only.
    Sampla(í) Úsáide:
    An rabh agaibh ach mála (54), had you only (one) bag? Ní rabh muid ach ina ngasúir (2), we were only children. Níl aon cheann agam ach ceann (44), I have but one. Céard a chaith mé ann ach deich nóiméad (50), What time did I spend there but ten minutes.
  6. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "An bhfaca tú aon rud ariamh a caitheadh in aer ach iad" (22) .i. ........a caitheadh in aer mar a caitheadh iad.
  7. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Ní fhaca tú ariamh ach a bhfuil do bháid ag dul soir" (1) .i. ní fhaca tú iongantas ar bith ach....
  8. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Blas ar bith ach gur thug mé aniar iad" (50) .i. ar éigin a thug mé aniar iad. "Ceo ar bith ach nár leag sé é" (2).
  9. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Sé'n t'ainm thugann siad air ach 'sgut'" (23) "bhfuil fhios agat cé' d'innseochadh é sin dhuit ach Seáinín Beag." (4).
  10. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Is beag nach ceapfá ach gurabé deire an t-saoghail é" (1a). "Ní chreidfeá ach an t-iongnadh a chuir sé air" (6)

Pages

Subscribe to ach