You are here

ach

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    ach mar
    Sampla(í) Úsáide:
    "Deabhal mórán maitheasa bhéas orainn ach mar tá muid" (34) .i. ..... seachas mar atá muid, sé'n chaoi bhfanfaidh muid mar atá muid." "An raibh ciall ar bith riamh agat ach mar sin?" .i. seachas mar atá dhá thasbáint anois agat.
  2. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Ní raibh mórán agam ach ag imtheacht ag tomsacht anonn 's anail" (4).
  3. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    A. "bhfuil rothar agat?" B. "Níl ach ag crágáil" (2) .i. níl, sé'n chaoi bhfuil mé crágáil"
  4. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "deabhal néall tháinic orm fhéin i gcaitheamh na hoidhche ach ar an gcathaoir" (46) .i. Níor tháinig néall orm sé'n chaoi ar fhan mé ar an gcathaoir" (46)
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    provided that
    Sampla(í) Úsáide:
    Bheadh sé ceart, ach páighe mhaith a bheith ann. It would be alright provided that the pay was good.
  6. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Níl a fhios ach ce chomh hard is a chuaidh an taoille aréir, there is no knowing how high the tide was last night.
  7. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Níl a fhios go deo ach cén buidheachas bhí aige air, there is no knowing how grateful he was to him.
  8. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí mé an-sásta ach é imtheacht (34) I was very pleased after he went. c.f (c) thuas. Ní chreidfeá ach a raibh acab ann. You wouldn't believe the great number of them that were there
  9. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Deabhal duine a bhí in aoinneacht léi ach í féin.
  10. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Ní fhaca tú riamh ach a bhfuil de lorrís a dhul soir"

Pages

Subscribe to ach