You are here

áit

  1. ait
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    queer, funny.
    Sampla(í) Úsáide:
    Is ait a' saoghal é. "b'ait liom san" = I'd like that.(ironic).
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    Strange
    Sampla(í) Úsáide:
    Is ait an mac an saoghal, it is a strange world. (sa seanfhocal seo amháin chualas an chiall 'strange' leis).
  3. ait
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    good, queer.
  4. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    district, locality, place.
    Sampla(í) Úsáide:
    Ba bhreaghdha an áit é (41), it was a fine place. Áit dhona í, it (reffering to tamhnach) is a very bad place. Muintir na háite - natives of the place.
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    Farm, holding.
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí áit sa mbaile aige (3), he had a farm at home. An áit a phós sé (50), it was for the sake of the farm that he married.
  6. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    Position
    Sampla(í) Úsáide:
    Ní ceart iad a chur in áit a chéile (3), they should not be put in each others place, each one should be put in his proper place. Tá mo rúitín as áit, - my ankle is dislocated.
  7. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    Position
    Sampla(í) Úsáide:
    Badh é a n-áit muide labhairt (3), it was our place to speak. Tá sí in an a háit a choinneál (50), she can hold her own.
  8. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    Space, room.
    Sampla(í) Úsáide:
    Níl aon áit agaibh g'aon duine eile (3), you have no room for anyone else. Bhfuil do dhóthain áit agad (3)? Have you enough room.
  9. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    because, when
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    An áit, cón. Cúíse
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí Pádraig ag réabadh leob an lá faoi dheireadh an áit ar ghoideadar an mhóin uaidh (4), Patrick was very angry with them they other day because they stole the turf from them. Cuireadh abhaile é áit na rabh an láidhe aige. He was sent home because he had no spade. Is beag nar briseadh mo ghualainn an áit ar thuit mé ar maidin. (63) I almost broke my shoulder when I fell this morning. A: Cén fáth nach rabh tú ar an mbóthar indiu? B: 'n áit a rabh mé tinn (29) because I was ill. A: Céard a tharla di? B: 'n áit ar buaileadh splanc uirthi (51), it was how a live ember fell on it. Is gearr a bhí sé nuair a chuala sé an trúir eile seo a' sgreadach 'nait ar ionsaigh na robáilidhes iad (6)
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    instead of
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    6. In áit. (a) réamh.
    Sampla(í) Úsáide:
    Chuir sé croinnte eile in a n-áit, he planted other trees in their stead. Sin é a tháinig amach agam in áit an rud ceart. That is what came out (was delivered) to me instead of the right (ordered) thing. Sin é an fear a tháinig ina áit. That is the man who replaced him. In áit a dhoil soir, siar a chuaigh sé (4) instead of going east, it was west he went. n-áit, n-áit mé fhreagairt.

Pages

Subscribe to áit