You are here
                    
                                          
Na Déise
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          cónaí        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     dwelling, always, continuously
 Sampla(í) Úsáide:     I gcomhnaidhe - always, continuously.  Bím annso i gcomhnaidhe - I am always here.  Bhí sé in a fear deallramhail (d'a:rhu:l') i gcomhnaidh - He was always a decent man.
 Tuilleadh
-   
          cónánaidhe        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     hummer
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     duine a bheadh ag crónán amhráin
 Tuilleadh
-   
          confadh        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     rabies
 Sampla(í) Úsáide:     madra confaidh (kanig') = mad dog, dog with rabis.  bhí an confadh (knax) ar a' madra.
 Tuilleadh
-   
          congnamh        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     aid, help
 Sampla(í) Úsáide:     Congnamh a thabhairt do. - To aid him.  Thugadar congnamh dhúinn ag sábhailt an fhéir. - The aided us saving the hay.  "Congamh !" arsa an dreoilín nuair a rinn' sé a mhún sa bhfarraige. = Sean-Radh.
 Tuilleadh
-   
          connaic        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     saw
 Sampla(í) Úsáide:     Chonnaic sé a mhalairt. = le duine a bheadh bocht ach a bhí go maith as fad ó. = He saw different times, .i. better times.  Chonnaic sé laetheanta geala. = He saw "bright" days.  Chonnaic sé saoghal i bhfad níos fearr ná athá anois aige = He saw much better times than he has now.
 Tuilleadh
-   
          conncaisí        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     annoyance
 Sampla(í) Úsáide:     a cur conncaisí air - annoying him,  "grigging" him.
 Tuilleadh
-   
          conntabhairt        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     danger
 Sampla(í) Úsáide:     I gconntabhairt - in danger.  I gconntabhairt a bháis. - In danger of death - critical.
 Tuilleadh
-   
          consaét        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     conceit
 Sampla(í) Úsáide:     Is iongantach an "consaet" athá inte - She is very conceited.  Thá sí lán de chonsaet. - She is full of conceit.
 Tuilleadh
-   
          contae        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     county
 Sampla(í) Úsáide:     teora an chonntae.  bóithre an chonntae.
 Tuilleadh
-   
          contrálta        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     contrary, disposed to quarrelling
 Sampla(í) Úsáide:     Thá Seán an(a)-chontrálta nuair a bhíonn sé ar meisce. Thá an chontraltacht ag gabhail leis i gcomhnuidhe - .i. He is given to contrariness always.
 Tuilleadh
      
  
      Pages