You are here
                    
                                          
Connacht
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          aithne        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     order (not to do sth.)
 Sampla(í) Úsáide:     Chuir sé na seacht n-aithne orm gan ghoil an (1), he told me often not to go there.
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     focal í ní ag cur aithne ort é a deirtear tar éis aithne a chur ar dhuine mar is cosúíl go gceaptar nach bhfuil sé ceart ná ádhúil sin a dhéanamh.
 Sampla(í) Úsáide:     Tiobhraidh tú aire go do láimh anois - ní ag cur aithne ort é (4), mind your hand now - it's not giving you an order I am. Seachain an mbrisfeá é sin - ní ag cur aithne ort é (1) be careful not to break that - it's not giving you an order I am.
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Sampla(í) Úsáide:     s.fh. Bíonn nimh ar an aithne (1), if you order s.o. not to do sth., he will want to do it.
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     Acquaintence
 Sampla(í) Úsáide:     Níl aon aithne agam air (3) I don't know him. Tá aithne ar dhaoine atá ag obair ann (39), people are known who are working there. Cé'n aithne  bhí a'dsa air? What acquaintance with him had yo? Bhí aithne agam air. Fear é a bhfuil aithne mhór air (22), he is a well known man. A. Bhfuil aithne agat air? B. Tá agus na deich n-aithne (1), do you know him? I do well. Tá aithne shúil agam air (12), I know him by sight. Níl sé ar m'aithne (2), I don't know him. Lig mé m'aithne aige. (6) (27), I told him who I was. Chuir mé aithne air (74), I made his acquaintance. Chuir mé in aithne dhó í. I introduced her to him. Tá aithne is eolas agam air (27).  I know him personally and by repue.
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Sampla(í) Úsáide:     an lá a bhéas go breá, beidh aithne fad air (62).
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Sampla(í) Úsáide:     aithne mhór i nGaillimh agat?
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     Recognition
 Sampla(í) Úsáide:     Tá aithne air (17), people can recognise it (plant). Is maith an aithne a'd é (74), your ability to recognise him (them, etc.) was good. Tá sé ag goil ó aithne orm (25), I am failing to recognise him. Ní raibh aithne deoir air; ní raibh aithne snig air, ní raibh aithne sliocht air, (11), he had no signs of having taken drink. Bhí aithne an lae air. (3) it was just dawning. Tá aithne fad ag teacht ar an trathnóna (22),it is noticeable that the evenings are getting longer.
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Sampla(í) Úsáide:     Dheamhan aithne air nach é féin a bhí in an buidéal a dhéanamh (34), you'd think by him that he himself could make up a bottle (of medicine). Níl aon aithne uirthi nach b'í Véineas í (74), she behaves as if she thought she were Venus.
 Tuilleadh
-   
          aithne        
 Ciall nó Míniú (BÉARLA):     Faculties of recognising people; faculties.
 Sampla(í) Úsáide:     Bhfuil aithne aici fós (4)? Has she still her faculties? Tá sé ag cailleadh na haithne (1).
 Tuilleadh
-   
          aithneachtáil        
 Sampla(í) Úsáide:     "D'aithneochainn é agus a leath dóighte" (22) .i. tá an-aithne agam air.
 Tuilleadh
      
  
      Pages