You are here

Uladh

  1. súil mór
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): gaiste le breith ár ainmhithe - snare
    Tuilleadh
  2. tar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Tháinig sé amach: D'inis sé nó dúirt sé.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Is iontach go dtáinig sé amach lena leithéid de bhalgam cainte agus gan fios aige air an raibh sé i gceart. 2) Thainig bean a' tí amach le caint in oide fa dhuseadh a chur an íontas go deo orm. 3) Is íontach go dtáinig sí amach lena leithéid de fhocal agus an Sagart a bheith ansin ar an láthair.
    Tuilleadh
  3. toll
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aineolach
    Tuilleadh
  4. toll
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): reamhar
    Tuilleadh
  5. toll
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): duine dur - duramán
    Tuilleadh
  6. tuar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): m. éadach ar líne agus iad amuigh ar triomú
    Sampla(í) Úsáide: 1) Nach breá an tuar éadaigh atá amuigh agat? 2) Tá éadach amuigh ar an tuar agam agus caithfidh mé iad a chomhead ar eagla go dtiocfadh cioth orthu. 3) Ar bhain tú isteach ceireadh ón tuar nó an bhfuil mórán (éadaí) amuigh go fóill agat? 4) Thit tuar an eadaigh orm oiche na gaoithe móire agus d'fhág sin go raibh orm iad a ní athuair
    Tuilleadh
  7. Tuatach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): baisteadh tuatach - an baisteadh a bhíonn leanbh nach bhfuil láidir i ndiaidh a theacht ar an tsaol dí/dó.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Rinneadh baisteadh tuatach ar an leanbh i ndiaidh a theacht ar an tsaol dó. 2) Tá sé ceadmhach ag tuata baisteadh tuatach a dhéanamh sa chás go bhfuil an leanbh i gcontúirt báis. 3) Baisteadh solúnta a níos an sagart de ghnáth.
    Tuilleadh
  8. tuatach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): duine neamh oilte, duine nach bhfuil fios a cheirde aige "handyman", duine nach fear ceirde é.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá sé á dhéanamh agus ba cheart do duine inteacht a fháil chun é a dhéanamh dó. Bíodh a fhios agat nach jab ar bith ag tuatach a leithéid sin. 2) Cad é a ba chúis leis an tine? Bheul tuatach a chur isteach na solais sa teach agus idir mise agus tusa, ba é an tuatach daor é i ndeireadh 'ama (.i. chuaigh an teach le thine agus níor fágadh ina sheasamh de ach na ballaí).
    Tuilleadh
  9. tubuarach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): rópa déanta as luachair fhada bhog ar baineadh an gar as agus a buaileadh bruitheadh agus pleatalú i dtrí chuid.
    Tuilleadh
  10. turdan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cruach an bheag choirce
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Uladh