You are here

Uladh

  1. i ndiaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): le h-íoc ar, le díol ar, mar luach ar,
    Sampla(í) Úsáide: Dúirt an siopadóir liom go raibh £2 i ndiaidh achan bhosca folamh a tháinig leis na h-earraí a cheannaigh sé agus go gcaithfeadh sé féin an luach sin a bhaint amach ortha le aon duine dena chuid custumóirí a cheannodh iad. 2) Cé mhéid atá ina ndiaidh aige .i. cén luach atá ortha.
    Tuilleadh
  2. ina dhiaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag cur trom ar dhuine, ag fáil lucht air, ag cur milleán air.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Níl mé ina dhiaidh ort as a leithéid a dhéanamh. 2) Níl mé ina dhiaidh ort as a bheith mall don scoil nó bhí siúl fada le déanamh agat. 3) Níl sé ceart againn a bheith ina ndiaidh orthu nó dinne siad a ndicheall.
    Tuilleadh
  3. inbeair
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): talamh féaraighar bhruach abhna
    Tuilleadh
  4. ins
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ins na saighdiúrí = san arm
    Sampla(í) Úsáide: 1) Chaith sé bliain nó dhó ins na saighdiúirí nuair a bhí an cogadh ar siúl. 2) I ndiaidh do a ghabhail go Meiriceá chuaigh sé ins na saighdiúrú thall agus cuireadh amach a throid é.
    Tuilleadh
  5. Lá Thadhg na dTaghdan
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): Doomsday
    Tuilleadh
  6. laghdasach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine l. = duine dána nach féidir eagla a chur air, brazen, forward, etc.
    Sampla(í) Úsáide: Bean shuaimhneach shéimh a bhí i Máire sin riamh ach bhí an deirfiúr eile laghdasach ó fuair me aithne uirthi.
    Tuilleadh
  7. laindear
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): lantern
    Tuilleadh
  8. leaba
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): áit.. leaba na hancaireachta = talamh na haincaireachta, leaba na n-ancóirí
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhaineadar leaba na h-ancaireachta amach go lua ina dhiaidh sin. 2) Bhí na bádaí feistithe ag leaba na n-ancóirí.
    Tuilleadh
  9. leaba
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): áit..
    Sampla(í) Úsáide: 3) Caithfimid fanacht le aimsir mhaith a theacht. Níl aon mhaith do dhuine móin a bhaint muna bhfuil leaba thirim faoithe san áit a ritheas í a shreathnú.
    Tuilleadh
  10. leath-cheangal
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ceangal ar chois tosaigh caorach le na cos deireadh le rópa.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Uladh