You are here

Uladh

  1. glan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): go h-iomlán, ar fad, entirely.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Stad sé glan den phíopa. Tá sé stadtha glan de na toitíní anois. 2) Stad sé glan den airnéal. Ní chorraíonn sé ón teach anois. 3) Tá dearmad glan déanta aige ar sin anois le fada.
    Tuilleadh
  2. glas seile
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): heart-burn
    Tuilleadh
  3. glas-ailt
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): mearbhlan a thig ar dhuine amharc síos ó bharr ailt
    Tuilleadh
  4. glinc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "léim nó cic tobann"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí achan ghlinc agus achan léim ag an asal nuair a bhain mé na cléibh dí i ndiaidh a theacht ón phortach domh. 2) Thug an asal (nó an beathach) glinc domh agus d'fhág spreite mé ar urlár an tí mé.
    Tuilleadh
  5. glinceach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Gan a bheith suaimhneach; a bheith tugtha do bheith a' léimnigh nó ag boc-léimnigh.
    Sampla(í) Úsáide: Tá an asal s'againn fén deas suaimhneach ach tá asal ghlinceach ag ar gcomharsa bheal dorais. 2) Gheobhaidh mé reitithe den asal seo ata againn nó ta sí glinceach agus deacair a oibriú. B'fhearr a d'fhóirfeadh asal shuaimhneach do na páistí.
    Tuilleadh
  6. gócach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): duine simplí, amaideach nach mbíonn an chuid is troime den chéill aige ar ______(?)
    Sampla(í) Úsáide: 1)Tá gócach eile de mhac aicí - fear a bhfuil - air - agus ní shílim gur shaothraigh sé dada riamh dí.
    Tuilleadh
  7. gogan
    Tuilleadh
  8. goiste
    Sampla(í) Úsáide: Cuireadh goiste air, an inquest was held on him.
    Tuilleadh
  9. gopan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): an méid is féidir a iompar idir do do dha bhois ag taobh a cheile.
    Tuilleadh
  10. gorman
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): iasg le scad gorm a chaitheann a shaol fa bhéal na n-abhainn - níos lugha na breac geal
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Uladh