You are here
An Cruán, An Caisleán Nua
-
loiscithe
Ciall nó Míniú (BÉARLA): parched
Sampla(í) Úsáide: Thá an talamh loiscithe leis an teas. Tá gach aon áit ana-thirm. Thá an chré in a luaithreán leis a' tiormacht.
Tuilleadh
-
loiscithe
Ciall nó Míniú (BÉARLA): parched, scorched, singed
Sampla(í) Úsáide: Thá an cat loiscithe ó beith cois na teine = The is scorched looking from being near the fire. Thá dath loiscithe ar an léine = The shirt has a scorched colour. "An Cnoicín Loiscithe" = bíonn an fear a bhíonn air feoighte sa Samhradh.
Tuilleadh
-
lóisdín
Ciall nó Míniú (BÉARLA): accommodation, lodging
Sampla(í) Úsáide: lóisdín a thabhairt do = give him lodging. Loisdín na h-oidhche a thabhairt do. Bhí sé ar lóistín i dte' an Phaoraig. Loisdín = cead a bheith istig (uaireanta).
Tuilleadh
-
lóistín
Ciall nó Míniú (BÉARLA): accommodation, lodging
Sampla(í) Úsáide: Cuireadh saighdiuirí ar lóistín i dte' Mh____. Cuireadh saighdiuirí ar lóistín i dtethanna na bhfeirmeoirí mór-thimpal.
Tuilleadh
-
loit
Ciall nó Míniú (BÉARLA): to spoil, to impair
Sampla(í) Úsáide: Rinn' sé an lá a lot orm. = He spoiled my day on me. Loit sé an lá orm.
Tuilleadh
-
lóithne
Ciall nó Míniú (BÉARLA): puff of wind, slight breeze
Sampla(í) Úsáide: Ní raibh lóithne gaoithe ann. = There wasn't a puff of wind. Bhí loithne deas fionn-fhuar. (f'əŋ - u:ər) ann. = There was a nice (cool) breeze.
Tuilleadh
-
lom
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bare, shorn
Sampla(í) Úsáide: Talamh lom = .i. gan féar. lom-nochtaithe = bare naked. lom = bare, poor. Thá me ana-lom anois. = I am very bare (poor) now.
Tuilleadh
-
lom
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bare
Sampla(í) Úsáide: Thá me ana-lom anois. = I am very "bare" now. = .i. Tá me bocht gan airgead. Bhí me ana lom tar éis an gheimhridh. = I was very "bare" after the winter. (g'ãĩr'ə) / (jãĩr'ə)
Tuilleadh
-
lom
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bare, poor
Sampla(í) Úsáide: Thá me ana-lom taréis a' gheimhridh. = I am very "bare" after the Winter. = .i. hard up. Thá sé ana-lom anois. = He is very "bare" now. = .i. He is hard up. (g'ãĩr'ə) / (jãĩr'ə)
Tuilleadh
-
lón
Ciall nó Míniú (BÉARLA): food, provisions
Sampla(í) Úsáide: lón seachtmhaine = a week's provisions. lón bliadna de phrátaí. "Dhá lá shoineanta shaoire, Dhá lá ghaoithe 'gus fearthana, Lá cois tine bhreagh mhóna, Is lá ag baint lón na seactmain" = Sean-Rann. Ní raibh "lon" = lunch ann.
Tuilleadh
Pages