You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. fiuch
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): "boiling", bubbling, seething, fizzing.
    Sampla(í) Úsáide: Bhí an t-uisce ag fiuchadh aníos sa tobar.
    Tuilleadh
  2. fiuch
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to boil, to seeth
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): bhí coipe air
    Tuilleadh
  3. flaitheamhail
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): generous, munificent
    Sampla(í) Úsáide: Daoine flaitheamla iseadh muinntir Mhurcadha. = They are generous people. Níl fear níos flaitheamhla ná é sa chonnta = There is not a more generous man in the country.
    Tuilleadh
  4. flaitheamhail
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): generous, liberal
    Sampla(í) Úsáide: fear flaitheamhail = a liberal, generous man where "giving" was concerned. Thá sé flaitheamhail fé n-a phóca. = .i. in giving money for any purpose.
    Tuilleadh
  5. flaitheamhail
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): generous, liberal
    Sampla(í) Úsáide: Ró-fhlaitheamhail = too or over-generous. Is fuirist a bheith ró-fhlaitheamhail le cuid duine eile = It is easy to be liberal with another person's money, goods 7rl.
    Tuilleadh
  6. flaitheamhail
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): generous, open handed
    Sampla(í) Úsáide: fear flaitheamhail = generous man. Daoine flaitheamhla iseadh na Cárthaigh. = They are generous people. Thá sé flaitheamhail fé n-a phóca. = .i. generous to give money.
    Tuilleadh
  7. flaitheamhalacht
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): generosity, liberality
    Sampla(í) Úsáide: Thá flaitheamhalacht i Muinntir Chárthaigh ó dhúthchas. = .i. It is "kind" for them to be generous 7rl.
    Tuilleadh
  8. flaitheamhalacht
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): generosity
    Sampla(í) Úsáide: Bhí an-fhlatheamhlacht ag gabhailt leis na Crathaig gach aon lá riamh. = .i. bhíodar flaitheamhail i gcomhnuidhe = They were always generous. f-- = "full and plenty".
    Tuilleadh
  9. flaithis
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): Heaven, on High
    Sampla(í) Úsáide: ins na flaithis = in heaven, on high. "Ár n-athair athá ins na flaithis go h-árd." = faoisdin Sheán de h-óra.
    Tuilleadh
  10. Flaithis
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): Heaven
    Sampla(í) Úsáide: Thuas ins na flaithis. = above in heaven. Flaithis Dé. Thá na flaithis tuillte aige. "Solus 7 Soillse 7 Radharc na bhFlathas chúghainn" = Paidir a dheirtí ag múcadh an tsoluis.
    Tuilleadh

Pages