You are here

Cois Fhairraige

  1. ariamh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do-bhr.
    Sampla(í) Úsáide: "Anois agus ní ariamh" (4) .i. anois nó ariamh.
    Tuilleadh
  2. ariamh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do-bhr. le haghaidh treise le 'fadó'
    Sampla(í) Úsáide: "Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé ceann acub" (7)
    Tuilleadh
  3. aríst
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): leis an am atá le teacht.
    Sampla(í) Úsáide: "Faid's bhéas mé beo aríst" (22). Annseo bhéas sib chuile lá chúns mhairfeas sib arís". "Beidh mé ag obair arís go faoithin" (33). (Níl sé i gceist go raibh mé ag obair roimhe seo). "Sin é an obair bhéas orthab aríst i mbliadhna" (2) .i. as seo go dtí deire na bliadhna. A "Bhfuil deire leis an obair?" B. "Tá agus aríst i mbliadhna" (22) .i. tá agus go deire na bliadhna "Tá a chuid maitheasa déanta aríst i mbliadhna." (7) .i. Ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas ar feadh na bliadhna.
    Tuilleadh
  4. aríst
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): le am bhí le teacht.
    Sampla(í) Úsáide: "Pós sí Mac S. aríst" (4) .i. in a dhiaidh sin .i. amach annseo. "Beidh ceann acub sin agam aríst" (27) .i. beidh ceann acub agam ar ball (níl sé i gceist go raibh ceann cheana agam.
    Tuilleadh
  5. aríst
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aríst ar ais. .i. aríst, in a dhiaidh sin. (ar an lámh eile).
    Sampla(í) Úsáide: "B'éigin an coca a leagan aríst ar ais" (6) "Aríst ar ais b'fhéidir nach fiú dul ann" (2) .i. ar an láimh eile, ...
    Tuilleadh
  6. aríst
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): théis br.-céim
    Sampla(í) Úsáide: "Níos buidhche ná sin aríst" (1) .i. níos buidhche fós.
    Tuilleadh
  7. aríst
    Sampla(í) Úsáide: "An t-seachtmhain roimhe sin aríst" (2)
    Tuilleadh
  8. armáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. arm sholáthar
    Tuilleadh
  9. armáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): úsáid (go ceann tamaill).
    Sampla(í) Úsáide: "Bainfidh sé armáil as" (22) .i. bainfidh sé úsáid as go ceann tamaill. "Bhain mé armáil mhaith as" (1a).
    Tuilleadh
  10. arraidheacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. adhbharaidheacht
    Sampla(í) Úsáide: "Níl sé in arraidheacht ag críostaidhe ar bith a dhul amach" (26).
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige