You are here

díol

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    payment
    Sampla(í) Úsáide:
    Thugas fiche púnt do i ndíol an chapaill. - I gave him twenty pounds in payment of the horse. Gheobhaidh sé sin díol i n-a dhroich-ghníomhartha fós. - He'll pay for his bad deeds.
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    payment
    Sampla(í) Úsáide:
    Ní raibh díol fear a' "phike" aige - He hadn't what would pay the toll. Fear a' "phike". - the man who used to be in charge of the turnpike where tolls were collected. Chaithfá an díol a thabhairt do fhear a' "phike" chun ligint duit gabhailt an bóthar.
  3. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    payment
    Sampla(í) Úsáide:
    Gan díol. - Without being paid. Thá na fiacha athá air gan díol fós. - His debts are still unpaid.
  4. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    payment
    Sampla(í) Úsáide:
    Rinn' me púnt a dhíol síos as an gcóta mór nua. - I paid a pound down on the new overcoat.
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    to pay
    Sampla(í) Úsáide:
    Díol as - pay for something. Díolfaidh tu as. - You'll pay for it. Díolfaidh tu go daor as. - You'll pay dearly for it. Dhíol sé go daor as a chuid bleaigárdíocht'. - He paid dearly for his blackguardism.
  6. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    to pay
    Sampla(í) Úsáide:
    An t-airgead a bhí aige orm a dhíol leis. - Pay the money I owe him. An t-airgead a thug sé dom a thabhairt thar n-ais do. - Repay the money he gave me.
  7. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    to sell
    Sampla(í) Úsáide:
    Díoltar gach aon sórt earraí sa síopa. Dhíol sé an bhó bhreac. Ní dhíolfadh sé aon rud leat ar an Domhnach.
  8. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    to pay
    Sampla(í) Úsáide:
    Dhíol sé mo phadh liom. - He paid me my wages. Dhíol sé pé fiacha a bhí air. - He paid whatever debts he owed. Dhíol sé as na bróga. - He paid for the boots.
  9. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    sale
    Sampla(í) Úsáide:
    le díol - for sale. Thá feirm Sh____ le díol an mí seo chugainn. = S___'s farm is for sale next month. Thá sé chinn de sheafaidí le díol aige. - He has six heifers for sale.
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    payment
    Sampla(í) Úsáide:
    i ndíol - in payment of. Rud a thabhairt i ndíol. - To give something in payment. Thug sé deich bpúnt dom i ndíol ar a bhí déanta agam. - He gave me ten pounds in payment for what I had done.

Pages

Subscribe to díol