You are here

craiceann

  1. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    (rith)
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    skin, hide, rind, bark, surface, complexion, appearance
    Sampla(í) Úsáide:
    Ag baint an chraicinn den chómharsain, slandering one’s neighbours. Bhí sé a dul as a chraiceann le feirg, he was beside himself with anger. D’imigh sé an méid a bhí ina chraiceann, he went off as fast as his legs could carry him. Tá craiceann na fírinne air, it seems plausible enough. Bhí an fharraige ag iompar craicinn má bhí sí tógtha féin, the surface of sea was calm although there was a heavy swell. Craiceann a chur ar obair, to put a good finish on a job. Ní rachaidh aon bhuille in do chraiceann, no one will (be allowed to) lay a finger on you. Thug mise craiceann te dó, I made him work. B’éigean dó fuarú sé chraiceann ar théidh sé ann, he had to get out of his temper as he got into it. Bhí eagla a chraicinn air, he was afraid of his lif Is réidh stiall de chraiceann fir eile agat, you are very generous with other people’s gifts, money, property. I gcraiceann an uisce, just under the surface of the water.
  3. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    Craiceann an bháid = na cláraí atá taobh amuigh ar an bhád a mbíonn teangmháil acu leis an uisce.
    Sampla(í) Úsáide:
    1) Tá craiceann deas ar an bhád sin. 2) Cuirfidh an t-ádhmad éadrom sin craiceann ar an bhád duit. 3) Théann táirní isteach fríd chraiceann an bháid agus isteach ins na cas-ádhmaid. 4) Ag Anach Cuain fadó chuir caora a cos amach fríd chraiceann an bháid a bhí a dtabhairt go Gaillimh.
Subscribe to craiceann