You are here
Na Déise
-
mí-lí
Ciall nó Míniú (BÉARLA): pallor
Sampla(í) Úsáide: mí-lí ar a aghaidh. mí-lí an bháis = the paleness of death.
Tuilleadh
-
mí-lítheach
Ciall nó Míniú (BÉARLA): sickly faced
Ciall nó Míniú (Gaeilge): droch-deallradh ar a aghaidh = é bán.
Sampla(í) Úsáide: Rud mí-lítheach iseadh é.
Tuilleadh
-
mí-mhaiseamhail
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bad-looking, shabby
Sampla(í) Úsáide: deallradh (daurə) mí-mhaiseamhail. = shabby, bad looking appearance
Tuilleadh
-
mí-mhuinntara
Ciall nó Míniú (BÉARLA): unfriendly
Sampla(í) Úsáide: duine mí-mhuinntara. = .i. duine ná deineann muinntaras le h-aoinne = A person who makes no friends. Thá sé mí-mhuinntara leis na comharsain go léir. = He is unfriendly with all the neighbours. "Thá sé titithe amach leis na comharsain." ba ghnáthaidh
Tuilleadh
-
mí-nádúir
Ciall nó Míniú (BÉARLA): Ill-nature
Sampla(í) Úsáide: Bhí ana-chuid de'n mí-nádúir i n-a chroidh = There was a lot of ill-nature in him. Is minic mí-nádúir sa chlann dá n-athair 's dá máthair. = There is often ill-nature in the children towards their father and mother.
Tuilleadh
-
mí-nádúr
Ciall nó Míniú (BÉARLA): Ill nature
Sampla(í) Úsáide: Thá an mí-nádúir ann ó dhúthchas. = .i. He has inherited it.
Tuilleadh
-
mí-nádúrtha
Ciall nó Míniú (BÉARLA): Ill-natured
Sampla(í) Úsáide: Thog sí clann mí-nádúrtha, níor thug aoinne aca pingin di riamh. = She reared ill-natured children none of them ever gave her a penny.
Tuilleadh
-
mí-nádúrtha
Ciall nó Míniú (BÉARLA): Ill-natured, crabbed, bad minded
Sampla(í) Úsáide: Is mí-nádúrtha an duine é. = He is an ill-natured man. Thá sé mí-nádúrtha, droch-aigeanta. = He is ill natured and bad-minded.
Tuilleadh
-
mí-nádurtha
Ciall nó Míniú (BÉARLA): inhuman, unnatural
Sampla(í) Úsáide: Duine mí-nádhúrtha iseadh é níl aon olc na déanfad sé dá gcuirfí chuige é. = He is a bad natured person he'd do anything bad if he were put to it. Bhí sé mí-nádúrtha le n-a chlann féin. = He was inhuman to his own children. (Ní raibh "mí-dhaonna" ann, cé go raibh "daonaidhe".)
Tuilleadh
-
mí-nádúrthacht
Ciall nó Míniú (BÉARLA): selfishness, ill-naturedness
Sampla(í) Úsáide: Thá ana-chuid mí-nadúrtachta ag gabhailt leis, ní cuimhnigeann ar aoinne ach air fhéin.
Tuilleadh
Pages