You are here

Tiobrad Árann

  1. bádhach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Grámhar, geanúil, cineálta.
    Tuilleadh
  2. balbhán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine ná féadfadh caint, duine ná féadfaí focal bhaint as.
    Tuilleadh
  3. balbhánaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Mar a chéile le balbhán.
    Tuilleadh
  4. bás
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine easláinteach ach righín, sé sin le rá go bhfuil sé ag fáil bháis le fada ach go gcuirfidh sé sinn go léir.
    Tuilleadh
  5. básachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine lag, go háirithe duine cuibheasach óg.
    Tuilleadh
  6. básánaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine go mbíonn deallramh an bháis air.
    Tuilleadh
  7. bitheamhnach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): É seo focal a bhí aca ar an diabhal agus ar dhuine nú ar bheithíoch crosta
    Tuilleadh
  8. bleadar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine a bhíonn ag síor-chaint.
    Tuilleadh
  9. Bo Chaointe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bean gan glór ceolmhar ná fonn cantain a thaithigheadh amhránaíocht.
    Tuilleadh
  10. bochtáinín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bochtán ach is ar dhaoine óga a thabharfaí ard. I nusáid na bhfocal seo, sé mo thuairim nach bochtaine ná anró ann féin a bhíodh i naigne an chainteora ach gean is grá ar an nduine a labhartaí na thaoibh.
    Tuilleadh

Pages