You are here

Tiobrad Árann

  1. fiaclachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine nach bhfuil a chuid fiacal clúduithe ag a bhéala, seasaid amach - go háirithe na fiacla uachtar - lasmuigh dá bhéal.
    Tuilleadh
  2. fóisge
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bean mhór ná bíodh ro-ghlan.
    Tuilleadh
  3. fuachair
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bean mhór trom ná bíodh ró-gheanúil ar ghlaine.
    Tuilleadh
  4. fuastar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear go mbeadh fuastar air anois is arís, tugadh 'fuastar' mar leas-ainm air.
    Sampla(í) Úsáide: Fear go mbeadh fuastar air anois is arís, tugadh 'fuastar' mar leas-ainm air.
    Tuilleadh
  5. fúití
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Deirtí le leanbh ná beadh béasa glana aige go raibh sé fúití. Ba bheag leanbh ná leigheasfáí an droch-nós a bhí aige treis an fhocail sin a chloisint; neart an náire a chuirfeadh sé air a bhéarfadh an leigheas
    Tuilleadh
  6. futa fata
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Rí-rá, fuastar agus geáitsí agus béiceadh a bhíonn dá dhéanamh ag fear a thagann díombáidh air. Má's gnáth leis sin a dhéanamh tugann na daoine 'futa fata' air .i. 'níl ann ach f. f.' Deirtear sin fós.
    Sampla(í) Úsáide: níl ann ach f. f.'
    Tuilleadh
  7. futachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Nílim cinnte go deimhin táim ar a mhalairt d'aigne - i dtaobh brigh an fhocail seo. Ceapaim go dtagann sé ón bhfocal futach, flatfooted agus gur mar a chéile dá réir, an focal 'futachán' agus an Béarla: a flat footed person.
    Tuilleadh
  8. gabachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine a bhíonn ag radadh cainte ó Luan go Sathairn.
    Tuilleadh
  9. galánta
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Is le searbhús is mó a usáidtí an focal seo. Ní deaghmhúinte ná aoibhinn ach a mhalairt a bhíódh an laoch a thugtaí..
    Tuilleadh
  10. gam
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Gamall = duine bog.
    Tuilleadh

Pages