You are here

Tiobrad Árann

  1. abhac na Ráithe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine nach raibh a cholainn dea-chumtha, córach.
    Tuilleadh
  2. ag lapadaoil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Ag siubhal ar nós lachan.
    Tuilleadh
  3. aileán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (i) Fear breá óg
    Sampla(í) Úsáide: Is go searbhasach a chuirtí an focal so i bhfeidhm i gcónaí .i. 'Is deas an t-áilleán thú' le fear nú le garsún ná beadh beart de réir a bhriathair aige, nú a chuirfeadh díombáidh ar an gcainteoir.
    Tuilleadh
  4. áilleán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (ii) garsún breá láidir.
    Sampla(í) Úsáide: Is go searbhasach a chuirtí an focal so i bhfeidhm i gcónaí .i. 'Is deas an t-áilleán thú' le fear nú le garsún ná beadh beart de réir a bhriathair aige, nú a chuirfeadh díombáidh ar an gcainteoir.
    Tuilleadh
  5. aindeiseoir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear, bean nú leanbh go mba truagh leat é, í
    Tuilleadh
  6. aindeiseoirín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Leanbh nú bean, beantrach go nglacfadh truagh dhí thú ba mhó a thagradh an focal so dí.
    Tuilleadh
  7. amadán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine a dhéanfadh rudaí gan ciall, a díolfadh an iomarca ar fad as bheithíoch nú a dhéanfadh obair ná raibh tairbhe ná maitheas le fáil asti ag éinne.
    Tuilleadh
  8. amalach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Beantrach go raibh muirear beag laguirthi agus gan ar a cumas a cuid oibre go léir do shroisint, déirfaí go raibh sí 'amalach go leor'; mar a chéile don fheirmeoir bhocht a chailfeadh beithíoch nú go mbeadh tinneas ina theaghlach, bheadh sé amalach leis 'dragged'.
    Tuilleadh
  9. bacach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (i) gan luth coise i gceart.
    Tuilleadh
  10. bacach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (ii) sprionnlóir agus sprionnluithe.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Tiobrad Árann