You are here

Tír Chonaill

  1. creidim
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): believe
    Sampla(í) Úsáide: Creidim i nDia, I believe in God. Creidim gur fíor é, I believe it is true. Bhí sé ann, creidim? He was there, I suppose? Creid mise go raibh sé fuar, I tell you it was cold. Bhí sé annseo indé nocha chreidim, he was here yesterday if I am not mistaken.
    Tuilleadh
  2. creidthe
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): believed
    Sampla(í) Úsáide: Tá sé creidthe aige, he believes.
    Tuilleadh
  3. creimirt
    Tuilleadh
  4. criathar
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a sieve, a riddle
    Sampla(í) Úsáide: Rinneadh criathar de, it was riddled.
    Tuilleadh
  5. criathradh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): winnowing, putting through a sieve
    Sampla(í) Úsáide: Bhí an bád dá criathradh eadar na tonna, the boat was being tossed by the waves. Bhí sé dá chriathradh ag an doininn, he was being buffeted by the storm.
    Tuilleadh
  6. criathraigh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): winnow, put through a sieve
    Tuilleadh
  7. críoch
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): boundary, boundary line between two countries, districts, townloands, farms, region, territory, land, end, definite end, or object or purpose
    Sampla(í) Úsáide: Tá sé sa chrígh agam, his land adjoins mine. Críocha Lochlann, Scandanavia. Caidé atá sé a chur i gcrígh, what work is he at? Tá sé sna críocha déanacha, he is dying. Críoch a chur an obair, to finish the work. Droch-chríoch air! bad scran to him! Bhí O Néill ar na críocha, O’Neill was on the border (of Tírchonaill).
    Tuilleadh
  8. críochain
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): finish
    Sampla(í) Úsáide: Chríochain sé an obair, he finished the work.
    Tuilleadh
  9. críochántacht
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): bounding
    Sampla(í) Úsáide: Tá siad ag críochántacht (le chéile), their farms, lands, adjoin, lie side by side.
    Tuilleadh
  10. críochnadh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): ending, completing, finishing, accomplishing, perfecting
    Tuilleadh

Pages