You are here

Dún na nGall

  1. blasc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): tormán nó torann mór
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhuail sé an bórd (tábla) lena dhorn agus bhain blanc as. Druid an doras sin i gceart agus coinigh é ó bheith ag blascarnaigh leis. 3) Ag muscladh domh ar maidin bhí doras an bhoithigh ag blascarnaigh agus bhí eagla orm go mbrisfí é. 4) Bhí "fuinneog an staighre" ag blascarnaigh ag éirí domhsa ar maidin. (Bhí lá gaoithe móire ann).
    Tuilleadh
  2. bogasta
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): cóngarach
    Sampla(í) Úsáide: 1) Caithfidh sé a bheith bogasta de am dinnéara anois? 2) Déarfainn go bhfuil sé bogasta d'am an Phaidrín anois. 3) Béidh sé bogasta de am scaoille am ar bith feasta. "Bogasta de am" in áit "i bhfogas de am" a deirtear.
    Tuilleadh
  3. bombláir
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Duine bómanta gan agna nó intleacht.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Níl ann ach bombláir de dhuine. 2) Nach íontach gur phós sí bombláir mar é? 3) a léithéid de bhombláir ní chasfaí ort i súil an lae.
    Tuilleadh
  4. bradóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Páiste a mbeadh dúíl ag daoine ann, é a bheith deas slachtmhar múínte"
    Sampla(í) Úsáide: 1) Is tú mo bhradóg ar a bhfuil de pháistí ar an bhaile, ?favourite?. 2) Sé Seán an bhradóg orthu uilig. 3) Bhí an tseanbhean riamh amhlaí. Ba í Máire a brádóg ó thús go deireadh.
    Tuilleadh
  5. broc
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): preataí a mhilleadh - rud a dhéanadh eallach le poll préataí; préataí a bhéad fagtha agus croichne
    Tuilleadh
  6. bruidire
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): "báirnigh mhóra a ghabhtear ina áiteacha faoi leith sa chladach
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bíodh mias nó canna linn agus bainfimid bruidirí thíos sa chladach ag teacht ina bhaile dúinn. 2) Chonnaic mé písín róin marbh thíos ag Cladach na mBruidirí ar maidin.
    Tuilleadh
  7. brúis
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): rudaí a mheasgadh nó a bhrú fríd a cheile.
    Tuilleadh
  8. buaileadh sín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): uisce ag rachaidh anuas balla tí ar an taobh istigh
    Tuilleadh
  9. budalan turdan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): turdan beag coirce
    Tuilleadh
  10. buinneach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aoileach bog - aicid caorach
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Dún na nGall