You are here

Gaillimh

  1. allowance
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): allowance
    Tuilleadh
  2. allta
    Sampla(í) Úsáide: (madradh)
    Tuilleadh
  3. alltrach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. faoi alltrachaí
    Sampla(í) Úsáide: "Is alltrach an áit é" (28). (1a)
    Tuilleadh
  4. alluisceach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine mór trom
    Sampla(í) Úsáide: all. mrá - bean gan gus? Alluisceach oinsighe (!)
    Tuilleadh
  5. alluisgeach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. Bean mhór reamhar
    Sampla(í) Úsáide: "Alluisgeach mrá" (11) "Alluisgeach oinsighe" (1)
    Tuilleadh
  6. allus
    Sampla(í) Úsáide: ag cur allus, obair gan allus, fuar-allas (le donacht nó le faithtíus) 'Ag baint allus as', 'baineadh allus as'. Tá cosúlacht air gur chaill sé an tallus, - ? Oibrigh sé go cruaidh. Tá rud ar son a chuid alluis aige. Bhí drúcht allus air... Go leor alluis. ?...mé allais mo mhailí(?) leis. Bhí sé ag doirteadh alluis. Bhfuil allus ort? (ní 'bhfuil tú ag cur alluis' a dheirtear)
    Tuilleadh
  7. allus
    Sampla(í) Úsáide: "Ag baint alluis as" (10) .i. ag cur dh'iallach air allus a chur ag obair (cf. Duin. 'Ag baint alluis de'). "Tá cosúlacht air gur chaill sé an t-allus" (10) .i. gur oibrigh sé go cruadh. "Tá rud ar son a chuid alluis aige" (27) .i. ar son a chuid oibre.
    Tuilleadh
  8. allus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. allus na mailghí
    Sampla(í) Úsáide: "Chaill mé alluis mo mhailghi leis" (2) ..i. D'oibrigh mé cruadh ar a shon. "Caithfidh sib an beathadh a saothrú le allus mailghi fhéin" (6) "Duine nár bhain aon deoir alluis dhá mhailghe ariamh" (23) .i. duine nach ndearna aon obair chruadh ariamh.
    Tuilleadh
  9. allus
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí drúcht alluis air" (1a) .i. go leor alluis. "Bhí sé ag dóirteadh alluis" (1) .i. ag cur alluis go tréan. "Múnógaí alluis" (1a) .i. deóra móra. "Báidhtí alluis" (1a) id. "Bhí alluis orm" (27) a deirtear go h-iondúíl agus ní "Bhí mé ag cur alluis", agus "an bhfuil allus ort" (1) agus ní "A bhfuil tú ag cur alluis?"
    Tuilleadh
  10. Almhain
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. "Almhuin bhuidhe" Móin bhealaighthe bhíós in íóchtar an phortaigh.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Gaillimh