Iontráil sa Lámhscríbhinn:
Ciall nó Míniú (Gaeilge):
a.b. .i. cúram , áirdeall
Sampla(í) Úsáide:
"Aire dhuit!" (18) - agus san iol. "airí dhaoib!" (27). "Ghoin a aire é" (3) .i. Bhuail smaoineamh (nó ath-smaoineamh é). "Ghoin a n-aire iad" (2). "Fuair sé aire an leinbh" (33) .i. Fuair sé (othar) togha aire. "Tá rud ar m'aire" (2) .i. tá rud eicínt eile le déanamh agam seachas an rud sin (searbhúsach). "M'anam go bhfuil rinnce ar m'aire" (51) .i. Tá rud eicínt eile le déanamh agam seachas bheith ag dul chuig rinnce.