You are here

M050-5

  1. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): ag déanadh dána ar dhuine - to "make bold" on a person. Ní raibh aon mhaith ann chun déanaideact' a dhéanadh ar strainséirí. - He was no good to make good to make bold on strangers. Bhí sé ana-strainséartha ní dheineadh sé dána ar daoine - He was very "shy", he used not make bold on people.
    Tuilleadh
  2. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): ag déanadh airgid - "making" money. déineann sé cuid mhaith airgid gach aon bhliadhain as na prátaí. - He makes a lot of money out of potatoes each year. Dhéanfadh sé airgead as ãõ' rud. - He'd make money out of anything. "Is fuirist airgead a dhéanadh ach is deacair é a chimeád." - (Rádh)
    Tuilleadh
  3. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): Rinn' a bhean fear bocht de - His wife made a poor man of him. Rinn' an t-ól fear bocht de - Drink made him a poor man. Tuigfí "é bochtúghadh" ach ní dhéarfaí é.
    Tuilleadh
  4. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): Rudaí a dhéanadh saor. - To cheapen things. Nuair a bhíonn earraí fairsing deineann sé iad a dhéanadh saor. Nuair a bhíonn comórtas idir siopadóirí deineann sé earraí a déanadh saor. - When there is competition between shopkeepers it makes things cheap.
    Tuilleadh
  5. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): Taithighe a dhéanadh de rud éigin - make a practice of something. Déineann sé taitighe de an bheidhlinn a (ד)imirt gach aon la. - He practices playing the fiddle every day. Ní dhéineann sé aon taithighe dhe ______ . - He doesn't practice ______ .
    Tuilleadh
  6. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): ag déanadh áirneáin - doing night work.
    Tuilleadh
  7. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): Staidéar a dhéanadh ar rud. - Study something. Staidéar dian a déanamh. - to study "hard". Dheineadh sé staidéar dian ar a cheachta gach aon oidhche - He used to study his lessons "hard" every night.
    Tuilleadh
  8. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): staidéar a dhéanadh - to study. Caithfear cuid mhór staidéir a déanadh cun duine bheith 'n-a mhaighistir scoile - One must study a lot to be a schoolmaster.
    Tuilleadh
  9. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): an talamh a dhéanadh - to make ground, to succeed. Ní dhéanfaidh sé an talamh. - He wont do. - He wont get well 7rl. - He wont do the "point".
    Tuilleadh
  10. déinim
    Meaning or Explanation (EN): I do, I make
    Usage (EN): ag déanadh fothraim - making noise. ná déan aon fhothram agus ligfeadh isteach tu. - Make no noise and I'll let you in. Déineann an traen árd-fhothram ag teacht isteach sa stáisiún. - The train makes great noise coming into the station.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to RSS - M050-5