You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. díobháil
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): harm
    Sampla(í) Úsáide: Níor chuir sé aon díoghbháil ann. - He put no harm in it. Níor chuireas aon díoghbháil sa rud a dúbhairt mé leis. - I put no harm in what I told him. - .i. It was well meant.
    Tuilleadh
  2. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): fee, payment
    Sampla(í) Úsáide: B'é díol an dochtúra púnt gach aon uair a tagadh sé im fhéachaint. - The doctor's fee was a pound every time he came to see me.
    Tuilleadh
  3. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: Dhíol me as airgead síos. - I paid down for it. Chaith me airgead síos a dhíol as. - I had to pay for it money down. Ní bhfaghainn é gan airgead síos a dhiol as. - I wouldn't get it without paying down for it.
    Tuilleadh
  4. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: Díol go daor as. - to pay dearly for it. Dhíol sé go daor as a cheannuig sé ag an cheaint. - He paid dearly for what he bought at the auction. Má theigheann tu i gcuideachta "daoine mor" díolfaidh tu go daor as. - If you go into the company of "big people" you'll pay dear for it.
    Tuilleadh
  5. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): sale
    Sampla(í) Úsáide: Rud ná fuil díol air. - a thing that's not saleable. Níl aon díol ar phrátaí anois. - There is no sale for potatoes now.
    Tuilleadh
  6. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: gan díol - without being paid. Thá a pádh gan díol leis fós. - His wages are still unpaid. Thá na billí atá air gan díol fós. - His bills are still unpaid.
    Tuilleadh
  7. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: Díol as - to pay for. Díolfaidh sé as. - He'll pay for it. - .i. as rud éigin olc a rinn' sé. An t-é a dhéineann an túplais caithfidh sé díol as. - He who makes the blunder must pay for it. Caithfimíd díol as ár ndroich-gníomhartha. - We must pay for our mistakes. (g'n'ĩ:ərhə)
    Tuilleadh
  8. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: Rud a dhíol (anuas) ar an tairgne - Pay on the nail. É díol ar a' tairgn - To pay on the nail. = pay down there and then.
    Tuilleadh
  9. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: Na costaisí a dhíol. - Pay the costs. Chaith sé costaisí na cúirte a dhíol. - He had to pay the costs.
    Tuilleadh
  10. díol
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to pay
    Sampla(í) Úsáide: Dhíol sé a phádh leis. - He paid him his wages. Díol sé as a' gcapall. - He paid for the horse. Díol amach annso me as a' mbó. - Pay me out for the cow. Ní dhíolfadh sé an cíos mura bhfaigheadh sé lacáist - He wouldn't pay the rent if he did not get a reduction.
    Tuilleadh

Pages