You are here

An Cruán, An Caisleán Nua

  1. ar griog
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): grigging, tantalising
    Sampla(í) Úsáide: Bhí sé ag griogadh an pháiste leis na milseáin. = He was "grigging" the child with the sweets. Tabhair milseán do'n pháiste agus ná bí 'ghá griogadh mar sin. = Give the child a sweet and dont be tantalising him like that.
    Tuilleadh
  2. ar lámha 's glúine
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): on hands and knees
    Sampla(í) Úsáide: Ar a lámha (lã:) 's ar a ghlúin = On his hands and knees. Chuaidh sé síos ar a lámha 's ar a ghlúin = He went down on his hands and knees. Chuaidh sé ar a lámha 's ar a ghlúine chun na feicfí é. = He went on his hands and knees so that he wouldn't be seen.
    Tuilleadh
  3. ar lasadh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): ablaze
    Sampla(í) Úsáide: Bhí an cnoc go léir ar lasadh.
    Tuilleadh
  4. ar lasadh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): lighting, burning
    Sampla(í) Úsáide: Thá dhá cheann na coinnle ar lasadh aige = He is burning the candle at each end. = .i. ag tagairt do'n t-slighe athá sé ag caitheamh a choda. = .i. ní fada a sheasóchaidh sé.
    Tuilleadh
  5. ar leath-taobh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to one side, apart
    Sampla(í) Úsáide: Sheasuigh sé ar leath-taobh uatha. = Stood apart. Choimeád sé ar leath-taobh ó'n phobal.
    Tuilleadh
  6. ar leithligh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): apart
    Sampla(í) Úsáide: Rud a chur ar leithle = To put it to one side. Bhí sé sa chúinne ar leithle = He was in the corner apart from the others. Duine ar leithle iseadh é. = He is a man apart. = .i. Níl sé mar daoine eile.
    Tuilleadh
  7. ar lorg
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): quartering
    Sampla(í) Úsáide: Bhí an seabhac ruadh ag eitilt cois na gclathacha ag lorg rud éigin a mharbhóchad sé.
    Tuilleadh
  8. ar meisce
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): drunk
    Sampla(í) Úsáide: Chuirfeadh dhá deoch ar meisce é. = Two drinks would make him drunk. Bhí sé ar meisce ar an aonach. "lá ar meisce 's dhá lá ag ól uisce" = (Sean-Radh)
    Tuilleadh
  9. ar meisce
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): drunk
    Sampla(í) Úsáide: go mór ar meisce = very drunk. "Chomh mór ar meisce le bean a' leanna." = (Nath). = "As drunk as bean a' leanna."
    Tuilleadh
  10. ar meisce
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): drunk
    Sampla(í) Úsáide: caithte ar meisce = thrown on the ground drunk. Bhí caithte ar meisce ar thaobh an bhóthair. = He was thrown drunk on the road-side = .i. "dead drunk".
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to An Cruán, An Caisleán Nua