You are here

Cois Fhairraige

  1. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Fág áit agam" (1) .i. Fág áit dhom.
    Tuilleadh
  2. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é anois agat é" (1) .i. Sin é mo thuairim (mo sgéal dhuit). Sin é mar a tharluigheas (théis sgéal chloisteáil, rud fheiceáil ag tárla srl.)
    Tuilleadh
  3. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Mara bhfuil ag Dia" (1) .i. Mara bhfuil a mhalairt i ndán.
    Tuilleadh
  4. agailt
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. péist bhán a bhíos sa tráigh agus sa talamh
    Tuilleadh
  5. agailt
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. A agailt! le duine canntalach -
    Sampla(í) Úsáide: "Nach é an agailt shalach é" (7) Nach é atá atá driseach canntalach. ('agail' (22) ).
    Tuilleadh
  6. agall
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. agus f. .i. uaill bheag thobann
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé agall as" (2) "Nach uathbhásach an agall a chuir sé as" (a) "Níor chuala mé aon agall bhéarla as" (18). 'An t-agall' (22) (33).
    Tuilleadh
  7. aghaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. "ar aghaidh" gan tada bheith measgtha thrí rud.
    Sampla(í) Úsáide: "Bainne, (fuisge, coirce srl) ar aghaidh" (1)
    Tuilleadh
  8. aghaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. l'aghaidh .i. i ndán -
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é a bhí le t'aghaidh" (2) .i. i ndán dhuit. "An rud atá le t'aghaidh, caithfidh tú dul thríd" (2). "l'aghaidh mo bháis atá mé" (19) .i. ar tí mo bháis.
    Tuilleadh
  9. aghaidh
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. in aghaidh na gcos .i. in aghaidh na tóla.
    Sampla(í) Úsáide: "In aghaidh mo chos chuaidh mé ann" (3) .i. in aghaidh mo thola. "Is gearr go mbeidh tú ag dul soir in aghaidh do chos"
    Tuilleadh
  10. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: "Is maith an aghaidh bean mhaith thú" (19) .i. Is maith atá bean mhaith toilte agat.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige