You are here

Cois Fhairraige

  1. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. le cúrsaí seilbhe.
    Sampla(í) Úsáide: "Tóigeadh slinneán aice" (14) .i. Tóigead ceann dá slinneáin. "Sháith sé tráithnín insa t-sróin ag an mbean óg" (25) "Téighfidh mise an bhalcais agat" (1) "Chuaidh an braon sa gcoircín aige" (1) "Luigh sé ar an gcroidhe aige" (22). "Thuit an driúll ar an dreall aige" (22). "Chuirfidh mise méar i bpoll an phocaide agat" (13). "Íocfaidh an caol-druim aige é" (1) "Ag coinneáil deola faoi'n fhiacail aige" (1)
    Tuilleadh
  2. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. le cúrsaí tuairime
    Sampla(í) Úsáide: "Níl aon mhaith le aon duine aige siúd" (4) .i. dar leis siúd. "Ní raibh maitheas ar bith ionainn acub sin" (b) "Nach iad na hamadáin agat!" (3) .i. ......dar leat,
    Tuilleadh
  3. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. le 'bheith i riocht'
    Sampla(í) Úsáide: "bhfuil snámh agat?" (1) .i. Bhfuil tú i riocht snáimh, "Bhfuil aon fhead glaice agat" (1).
    Tuilleadh
  4. ag
    Sampla(í) Úsáide: "A bhfuil a'd?" (23) .i. bhfuil eirighthe leat? "Dá dtéigheadh sé síos, bhí aige" (43) .i. bhí eirighthe leis.
    Tuilleadh
  5. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Tá mé a'd anois" (23) .i. Tá sé i sáinn agat. "M'anam go bhfuil muid agat anois" (1).
    Tuilleadh
  6. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Chuala mé ag Seán é" (1) .i. Chuala mé Seán dhá rádh.
    Tuilleadh
  7. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Ba mhaith leis an áit amuigh a bheith aige" (27) .i. bheith san áit amuigh.
    Tuilleadh
  8. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. .i. mar gheall air.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá an Deabhal orthab ag chomh daor is atá siad".
    Tuilleadh
  9. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. .i. Faoi
    Sampla(í) Úsáide: "Ag Cóil atá sé ag obair" (1) .i. Faoi Cóil (Ní call go mba áit Chóíll bheadh sé).
    Tuilleadh
  10. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. .i. Pósta ag,
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é bhí ag Brighid Ruadh" (1) .i. sin é bhí pósta ag Brighid Ruadh.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige