You are here

Cois Fhairraige

  1. amach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do-bhr. le br. ar mhaithe le treise
    Sampla(í) Úsáide: "Réidhtig sé féin amach" (1). "Bhí ag beodhú amach" (8). "Stócáil siad amach" (8). "Bhog sé amach go breagh é" (talamh) (27) srl. srl.
    Tuilleadh
  2. amach
    Sampla(í) Úsáide: "amach is amach" (1) .i. ar fad "siar amach" (4) .i. i bhfad siar. "aniar amach iad" (27) .i. as áit i bhfad siar.
    Tuilleadh
  3. amach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do-bhr. le am atá le teacht:-
    Sampla(í) Úsáide: "Amach sa Samhradh" (1) "Amach faoi fheil Sain Seáin" (1).
    Tuilleadh
  4. amach
    Sampla(í) Úsáide: "Breathnaigh amach dhuit fhéin" (1a).
    Tuilleadh
  5. amach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do-bhr. .i. ós árd
    Sampla(í) Úsáide: "Labhair amach" (3)
    Tuilleadh
  6. áméan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. amen,
    Sampla(í) Úsáide: "A míle méan!" (23) .i. áméan (go láidir).
    Tuilleadh
  7. áméan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. píosa beag bídeach.
    Sampla(í) Úsáide: "Tabhair dhom oiread áméan do phíosa" (1). "Oiread áméan do thailliúir" (1a)... .i. Táilliúir beag bídeach. "A dhaithín áméan" (2) .i. píosín beag.
    Tuilleadh
  8. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do.bhr. .i. céadna
    Sampla(í) Úsáide: "In aon áit amháin atá sí i gcomhnaidhe?" (34) .i. "san áit chéadna.....? "Ní hí an Ghaedhilge amháin atá san áit seo is atá i gConamara" (27).
    Tuilleadh
  9. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do.bhr. le "chuile" "gach"
    Sampla(í) Úsáide: "Chuile cheann amháin acub" (1a) .i. chuile cheann ariamh acub.
    Tuilleadh
  10. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do. bhr. marach amháin .i. marach rud áirid amháin, marach rud eicínt.
    Sampla(í) Úsáide: "Gabhfainn ann - marach amháin" (1) "Marach amháin, bheadh t'anam orm" (2) .i. fiú amháin.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige