You are here

Cois Fhairraige

  1. ál
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. ainmhidhthe óga, clann óg,
    Sampla(í) Úsáide: "Tá ál thíos againn" (1) .i. tá uibheachaí faoi chearc againn.
    Tuilleadh
  2. allar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f .i. béic, sgread
    Sampla(í) Úsáide: "Chuir sí allar aiste" (18) "Ant-allar chuir sé as níl fhios c'aide chloisfheá é" (22).
    Tuilleadh
  3. alltrach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. faoi alltrachaí
    Sampla(í) Úsáide: "Is alltrach an áit é" (28). (1a)
    Tuilleadh
  4. alluisgeach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(b) .i. Bean mhór reamhar
    Sampla(í) Úsáide: "Alluisgeach mrá" (11) "Alluisgeach oinsighe" (1)
    Tuilleadh
  5. allus
    Sampla(í) Úsáide: "Ag baint alluis as" (10) .i. ag cur dh'iallach air allus a chur ag obair (cf. Duin. 'Ag baint alluis de'). "Tá cosúlacht air gur chaill sé an t-allus" (10) .i. gur oibrigh sé go cruadh. "Tá rud ar son a chuid alluis aige" (27) .i. ar son a chuid oibre.
    Tuilleadh
  6. allus
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. allus na mailghí
    Sampla(í) Úsáide: "Chaill mé alluis mo mhailghi leis" (2) ..i. D'oibrigh mé cruadh ar a shon. "Caithfidh sib an beathadh a saothrú le allus mailghi fhéin" (6) "Duine nár bhain aon deoir alluis dhá mhailghe ariamh" (23) .i. duine nach ndearna aon obair chruadh ariamh.
    Tuilleadh
  7. allus
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí drúcht alluis air" (1a) .i. go leor alluis. "Bhí sé ag dóirteadh alluis" (1) .i. ag cur alluis go tréan. "Múnógaí alluis" (1a) .i. deóra móra. "Báidhtí alluis" (1a) id. "Bhí alluis orm" (27) a deirtear go h-iondúíl agus ní "Bhí mé ag cur alluis", agus "an bhfuil allus ort" (1) agus ní "A bhfuil tú ag cur alluis?"
    Tuilleadh
  8. Almhain
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. "Almhuin bhuidhe" Móin bhealaighthe bhíós in íóchtar an phortaigh.
    Tuilleadh
  9. alpú
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. slamairt 'ithe' (le cainnt), breith ar rud go tapaidh.
    Sampla(í) Úsáide: "Alpochaidh mé í" (25) .i. Béarfaidh mé uirthe. D'alpuigh mé an clú" (1).
    Tuilleadh
  10. alpúch
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. tugtha do bheith ag alpú chuile shórt
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige