You are here

Cois Fhairraige

  1. áirde
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.teibh.b. "caitheamh in áirde" .i. tabhairt suas.
    Sampla(í) Úsáide: "Táthar eirghthe as. "Tá an nós sin caithte in áirde anois" (6) .i. táthar eirghthe as. "Sin obair atá caithte in áirde" (22)
    Tuilleadh
  2. áirdeall
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.(f) .i. aire .i. san áirdeall .i. ag faire
    Sampla(í) Úsáide: "Bí san áirdeall air" (3). "Déan áirdeall air" (1a) .i. tabhair aire dho. "Chuir mé ar a áirdeall fhéin é" (1).
    Tuilleadh
  3. áirdeallach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. aireach, le súil in áirde
    Sampla(í) Úsáide: "Bó bheadh áirdeallach nó bradach" (2) - bó nach mbeadh aon luighe aice le talamh a mbéadh sí ann, bhéadh sí san áirdeall ar dheis fhághaill ar dhul i mbradghail.
    Tuilleadh
  4. áirdeallaidhe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. .i. duine atá ag áirdeall
    Sampla(í) Úsáide: "Is dona an t-airdeallach thú" (22).
    Tuilleadh
  5. airdín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f. árd beag
    Sampla(í) Úsáide: "Áirdín an chúíl" (7) .i. an chuid is fuide siar do chúl an chinn.
    Tuilleadh
  6. aire
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. cúram , áirdeall
    Sampla(í) Úsáide: "Aire dhuit!" (18) - agus san iol. "airí dhaoib!" (27). "Ghoin a aire é" (3) .i. Bhuail smaoineamh (nó ath-smaoineamh é). "Ghoin a n-aire iad" (2). "Fuair sé aire an leinbh" (33) .i. Fuair sé (othar) togha aire. "Tá rud ar m'aire" (2) .i. tá rud eicínt eile le déanamh agam seachas an rud sin (searbhúsach). "M'anam go bhfuil rinnce ar m'aire" (51) .i. Tá rud eicínt eile le déanamh agam seachas bheith ag dul chuig rinnce.
    Tuilleadh
  7. aireachtáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. cloisteáil, mothú.
    Tuilleadh
  8. aireachtáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. cloisteáil, mothú. le cúrsaí iasgaireachta.
    Sampla(í) Úsáide: "Bhfuil tú ag fághail aireachtáil ar bith?" (6) .i. priocaí ar bith. "D'airigh mé anois" (6) .i. d'airigh mé priocadh anois.
    Tuilleadh
  9. aireachtáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.br. .i. cloisteáil, mothú.
    Sampla(í) Úsáide: "An aireochaidh tú dúiseacht" (3) .i. a ndúiseochaidh in am, uait féin. "Níor airigh mé eirghe ar maidin" (14) .i. Níor dhúisigh mé in am ar maidin. "An aireochaidh tú corraighe ar maidin" "An aireochaidh tú mé a dhúiseacht" (3).
    Tuilleadh
  10. áirge
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a. (b) Trosgán
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí áirge go leor ann" (10) (4) .i. bhí trosgáin go leor ann.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Cois Fhairraige