You are here

doicheallach

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    jealous, begrudging
    Sampla(í) Úsáide:
    Bíonn sé doicheallach nuair a chíonn sé aoinne eile níos fearr ná é féin. Chomh doicheallach le marda a mbeadh cnámh aige.
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    grudging, inhospitable
    Sampla(í) Úsáide:
    Bheadh sí doicheallach greim a tabhairt le n-ithe dhuit. - She'd be begrudging to give one a bit to eat.
  3. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    surly, unwelcoming
    Sampla(í) Úsáide:
    Ta sí doicheallach, ní maith léithe duine a theacht thar tarsing cuiche "bean dubh doicheallach."
  4. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    jaundiced?
    Sampla(í) Úsáide:
    Dh'fhéach (jiəx) sé go doicheallach (dohələx) air. Pé rud a dhéanfaí níor fhéach (jiəx) sé a bheith sásta leis.
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    neamh-fháiltiúl
    Sampla(í) Úsáide:
    1) Nach doicheallach an mhaise dó a leithéid de rud a rá le strainséir nach bhfaca sé riamh aroimhe. 2) Tá na daoine sin doicheallach i gceart. Níl sé de chroí acu scaradh le aon rud dá bhfuil acu. Ní thabharfadh siad rud ar bith ar iasacht do dhuine riamh.
  6. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    uneven tempered person
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    Duine d = Uneven tempered person, freisin duine a mbeadh an nimh sa bhfeoil air, ach ná féadfá a dhéanamh amach cén fá. Úsaidtear 'dúr' freisin ina leithéid de chás.
Subscribe to doicheallach