You are here

cruinn

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy
    Sampla(í) Úsáide:
    Níl bean níos cruinne ná í ar a mbaile - There isn't a tidier woman than her in the place. Is cruinn an bhean tighe Máir Bíonn a te' agus í fhéin go cruinn i gcomhnuidhe.
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, saving
    Sampla(í) Úsáide:
    Bean ana-chruinn iseadh Máire is beag a teigheann amúgha uirthe. Maidir le gnótha agus costas an tighe thá sí go cruinn, baileach. - .i. She is saving and exact.
  3. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    concise, exact, tidy
    Sampla(í) Úsáide:
    Cruinn in a chainnt - exact in speech. - Ní chuireann sé focal amugha. - He doesn't put a word astray.
  4. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, methodical
    Sampla(í) Úsáide:
    Bean tighe chruinn iseadh Máire - Maire is a tidy housekeeper. Bíonn gach aon rud sa te' go cruinn aici. Deineann sí obair a(n) tighe go cruinn. a chomh-tarsna = "liobarsach".
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, economical
    Sampla(í) Úsáide:
    bean ana-chruinn iseadh i, ní ligeann aon rud amugha. - She is an economical woman she lets nothing go to waste. Thá sí ana-chruinn mar bhean-tighe, ní chuireann sí pingin amugha. - She doesn't waste a penny.
  6. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, economical
    Sampla(í) Úsáide:
    Caithfidh sí a bheith cruinn chun maireachtaint. - She must be "tidy" to live. "tidy" - not wasteful, economical. Thá sí cruinn, spáralach maidir le gnothaí tighe - She is economical.
  7. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, careful, orderly
    Sampla(í) Úsáide:
    Bean chruinn - .i. bean ná ligfeadh aon rud dul chun bhástadh. bean chruinn iseadh í agus thá a rian ar an te' athá aici. - She is a "tidy" housekeeper and her house shows it.
  8. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, sparing, frugal
    Sampla(í) Úsáide:
    Bean tighe chruinn - a tidy (saving) housekeeper. Bíonn sí cruinn maidir costaisí an tigh - She is "tidy" (saving) as regards household expenses.
  9. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    tidy, economical
    Sampla(í) Úsáide:
    bean chruinn - a "careful" woman - as regards her house 7rl. Thá sí ana-chruinn is beag a ligeann sí dul amugha. - She is very "tidy" she lets very little go to waste.
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    round, circular, globular, assembled, gathered up
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá cúig phunta cruinn agam, I have collected five pounds. Bhí scaifte acu cruinn i dtoigh Sheáin, a group of them, were gathered together in Sean’s house. Bhí siad cruinn, all of them (gay sparks, rogues, liars, funny characters, etc.) were there. Bhí Machiavelli agus Tallyrand agus Lloyd- George agus an fear s’againn féin ann – bhí siad cruinn, Machiavelli, Tallyrand, Lloyd-George and our own man were there -–they were all there. Preátaí cruinne, potatoes in their jackets, not mashed.
Subscribe to cruinn