You are here

allus

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    sweat, perspiration
    Sampla(í) Úsáide:
    Ag cur alluis, perspiring. Bhí sé ag bárcadh alluis, he was bathed in perspiration. As allus do mhalacha, in the sweat of your brow. D'fhág sé a chuid alluis i Meiriceá, he worked the best years of his life in America.
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    sweat.
    Sampla(í) Úsáide:
    ag allus = sweating. "ag cur allais" 7rl. "fuar-allus", "allus a chroidhe".
  3. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    ag cur allus, obair gan allus, fuar-allas (le donacht nó le faithtíus) 'Ag baint allus as', 'baineadh allus as'. Tá cosúlacht air gur chaill sé an tallus, - ? Oibrigh sé go cruaidh. Tá rud ar son a chuid alluis aige. Bhí drúcht allus air... Go leor alluis. ?...mé allais mo mhailí(?) leis. Bhí sé ag doirteadh alluis. Bhfuil allus ort? (ní 'bhfuil tú ag cur alluis' a dheirtear)
  4. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Ag baint alluis as" (10) .i. ag cur dh'iallach air allus a chur ag obair (cf. Duin. 'Ag baint alluis de'). "Tá cosúlacht air gur chaill sé an t-allus" (10) .i. gur oibrigh sé go cruadh. "Tá rud ar son a chuid alluis aige" (27) .i. ar son a chuid oibre.
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    a.f. allus na mailghí
    Sampla(í) Úsáide:
    "Chaill mé alluis mo mhailghi leis" (2) ..i. D'oibrigh mé cruadh ar a shon. "Caithfidh sib an beathadh a saothrú le allus mailghi fhéin" (6) "Duine nár bhain aon deoir alluis dhá mhailghe ariamh" (23) .i. duine nach ndearna aon obair chruadh ariamh.
  6. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Bhí drúcht alluis air" (1a) .i. go leor alluis. "Bhí sé ag dóirteadh alluis" (1) .i. ag cur alluis go tréan. "Múnógaí alluis" (1a) .i. deóra móra. "Báidhtí alluis" (1a) id. "Bhí alluis orm" (27) a deirtear go h-iondúíl agus ní "Bhí mé ag cur alluis", agus "an bhfuil allus ort" (1) agus ní "A bhfuil tú ag cur alluis?"
Subscribe to allus