You are here

ag

  1. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 3. (Le seilbh).(j) Tá + ainm teibí + agam + réamh. (ar, do, le)
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá an-mheas agam air, I respect it greatly. Bhí luighe aige leis an áit, he was fond of the place. Duine ar bith a mbeadh cion ar a shláinte aige, anybody who had any consideration for his health......Níl aon dúíl agam ann, I have no desire for it. A. Tá sé ag breathnú an-sean as a chloigeann. He (a donkey) looks old to judge by his head. B. Ní mórán aois atá ag a chloigeann ar a thóín (44), his head is not much older than his hind quarters.
  2. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 4.
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá......agam, I want, I am looking for sth., for (the purpose of). Le píosa chur ar threousar bhí sé aige (4) he wanted it (was asking for it) to put a patch on his trousers. Céard le aghaidh agad é? (4), what do you seek it for (freisin, what have you got it for?).
  3. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 5. (a)
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá....agam, I should, it is proper for me. Sin é an lá bhí agat a bheith amuigh (1) that is the day you should have been out. Ní annseo atá agamsa a bheith (1) Gasúr nach mbeadh aige a bheith ag caint (14). Ní raibh sé ag aon duine a bheith istigh ann (4), Nobody should have been in it (house that was not fit to be lived in)
  4. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh.11. (Le aidhm leis an a. br.) (a) (I ndiaidh br. gluaiste)
    Sampla(í) Úsáide:
    Tháinig an sagart ag cur na hola air, the priest came to anoint him. Chuaidh M. Bheag agus M. Mhór fadó ag ag baint subha craobh (7). Tháinig táilliúr ag an teach ag fuagháil éadaigh (13), a tailor came to the house to sew clothes.
  5. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 10. (Leis an a. br. le gníomh le linn a dhéanta). ag ə roimh chonsaine, əg roimh ghuta cúil, əg' roimh ghuta tosaigh. Ag teacht aniar dho (1).. Eisceachta: GCF, 414, n.b.
    Sampla(í) Úsáide:
    Ag imtheacht əg' im'əxt; ag ol əg o:L; ag bualadh ə buələ
  6. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 9. I gcúrsaí roinnte leis an for. réamhfh. san iol.)
    Sampla(í) Úsáide:
    Cuid acab, some of them, Riar acab, a certain amount of them. Is beag acab a tháinig, few of them came. Neart acab (62) a lot of them. Ceachtar aghaibh (64) either of you. A ndóthain acab, enough of them. Duine acab, one of them. Cé acab? which of them? Badh é an fear ab fhearr acab é.
  7. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 8. (le gníomhaí, de dhuine nó de rud).
    Sampla(í) Úsáide:
    (g) Déanaim.....ag, I get made by. Shílfeá go ndéanfadh sé ag an siúinéara é, you'd think he'd get it made by the carpenter.
  8. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 8. (le gníomhaí, de dhuine nó de rud). (f) (Clásal ina dhiaidh)
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá an deabhal orthab ag chomh daor is atá siad (29) (2), they are the devil they are so dear. Ag chomh gann is a bhí an ola b'éigean an laimpín beag a cheannacht. Meas tu nach mbeidh stuf gann i mbliadhna ag chomh dona is a bhí an foghmhar (25) Cuirfeadh sé áilneacht ort ag chomh breaghtha bhí sé (79). cf. Is gearr go mbeidh Gaedhilge agad agam (51) it won't be long until I've taught you Irish.
  9. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh.12 Lnn eile.
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá mé a'd anois (23), you have me in a fix now. Bíodh aige (1) let him do as he pleases (even tho' it harm him). Mara bhfuil ag Dia, unless God interferes (to save the situation). Sin é anois agat é (1) That's how the matter stands, how things happen; there's my opinion for you. Fágtar aige é, let it be admitted that he is excellent (the best), you must 'hand it to him' Cé atá agam ann, who is here? who are you?
  10. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 8. (le gníomhaí, de dhuine nó de rud). (e) (Le cúis dhocharach nó choiscitheach).
    Sampla(í) Úsáide:
    Níór fhéad sé aon cheo fheiceáil ag na soilsí (19), he could see nothing because of the lights. Bíonn cuide de na páistí go handona ag fiacla (44). Bhí seabhrán i mo chluais aige (74) my ears were buzzing because of him.

Pages

Subscribe to ag