You are here

ag

  1. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 3. (Le seilbh). (i)
    Sampla(í) Úsáide:
    (Pósta) ag, married to. Sin é bhí ag Brighid Ruaidh, that is who was married to Br. R. Inghin le S. atá pósta ag Mac Mhicil (1).
  2. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    my, of mine
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 3. (Le seilbh). (c) Seo agamsa ʃo a:msə, etc., my, this, of mine, sin agamsa, that..of mine. (Báitear guta seo sa gcéad is sa dara pearsa iol. ʃæ:N'ə seo againne, ʃa:gi:ʃə seo agaibhse)
    Sampla(í) Úsáide:
    Seán s'againne, our John (sa ngair) A Bhaib s'againne (4)! An teach s'agaibhse, your house. An t-asal sin a'inne, that donkey of ours
  3. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 3. (Le seilbh). (b) (I ndiaidh ord-uimhr.)
    Sampla(í) Úsáide:
    Badh é an seachtú hualach agam é, it was my seventh load
  4. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 3. (Le seilbh). (a)
    Sampla(í) Úsáide:
    Ag binn an chró againn féinn (5), at the gable of our own out house. An croidhe a bhogadh ag an tseanbhean (7), to soften the old woman's heart.Taraingeóidh sise an mhuing aici (56), she will pull her hair (mane).
  5. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 2. (le pointe ama)
    Sampla(í) Úsáide:
    Ag a dó dhéag, at twelve o'clock.
  6. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 1. (e) Le br. ar nós coinním, fágaim, leagaim.
    Sampla(í) Úsáide:
    Choinnigh do chuid cainte agad féin (1), keep your talk to yourself. Ag leagan na n-uibheachaí ag cuisliméara i nGaillimh (5), delivering the eggs to a customer in Galway (Cf. ag² (b)).
  7. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    réamh.1. (d) From (speaker)
    Sampla(í) Úsáide:
    Chuala mé ag Seán é (1), I heard it from Seán.
  8. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    réamh. 1. (c) Under (a master).
    Sampla(í) Úsáide:
    Ag Cóil atá sé ag obair (1) he is working under Cóil (a ganger). An bhean a raibh sí aice roimhe sin (25), the woman for whom she was working formerly.
  9. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    at my house
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 1. (b) Agam
    Sampla(í) Úsáide:
    D'fhan sé againne (25), he stayed at our house. Raibh Peige againn (56)? was Peggy at our house?
  10. ag
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    réamh. 1. (le suíomh)
    Sampla(í) Úsáide:
    (a) Ag an doras, at the door. Ag an Aifreann, at mass. Ag an aonach, at the fair (ar an aonach is coitianta). Ag an scoil (25) (6), at school.

Pages

Subscribe to ag