You are here

aotham

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    crisis
    Sampla(í) Úsáide:
    "Tá sé ag dul thrí aothama" (27) (le fiabhras) "Aothama fiabhrais" (1).
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    suaimhneas, stopadh (in abairt dhiúltach)
    Sampla(í) Úsáide:
    "Ní raibh aotham ná foras air" (22) .i. ní raibh sé ag déanamh suimhnis ar bith. "Ní raibh aotham ná foras air ach ag réabadh leis" (27). "Ní raibh aotham ná éisteacht air ach ag cainnt" (1a). "Ní raibh sé ag tabhairt aothaim ná suimhnis dhó" (1a). "Ní raibh aothamh ar bith air ach ag cainnt leis" (2)
Subscribe to aotham