You are here

ágús

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    Introduces a circumstantial clause 7rl. -
    Sampla(í) Úsáide:
    "chomh maith agus is féidir liom". "Tá sé ag teacht agus ditineas air." "an oiread agus pingin", "deanfa(idh) mé agus fáilte.", "Tabhair aireachas agus ná bris é.
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    f. Agús a chur ann, to add a qualification, a condition.
    Sampla(í) Úsáide:
    Chuir sé an t-agús ann (1). Chuir sé agus eicínt ann. He added some sort of qualification. Féach cuid.
  3. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    15. I bhfocla eile (a) Gach, uile 's tuige! for every reason, for why! (b) Cé'n fáth 's do gháirídhe (4)? what are you laughing at? (c) Ainm's. Fuair mé ainm's péire bróga as Gaillimh. I got an excuse for a pair of shoes in Galway.
  4. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    14. 1 1nn.seeing that he was - which is a fact.
    Sampla(í) Úsáide:
    Ó théigeann is go dtéigheann ná cuir aon araoid air, seeing that he goes there - which he does - don't interfere with him. Mar 'ó bhí is go raibh,
  5. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    13. Le dobhriathara áirithe: go dtí fiú's; go fiú's; ionann's; timcheall's; timcheall's ar; tuairim's; tuairim's ar.
  6. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    12. (mar chuid de chón.) (f) Leis an gCon. le suil's go.
  7. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Ar son Dé na Trócaire agus innis dhom cá bhfuil sé, for the sake of The God of Mercy tell me where it is. Dar brígh a bhfuil go (de) leabhair in Éirinn is chuirfeadh sé uathbhás ort (7), by all the books in Ireland - it would terrify you. Tá a fhios ag Mac Dé is gur chuimhnigh mé gurb é a bhí ann (32) God knows the thought struck me that it was he was there. Mo chraiceann is ná rabh an deabhal (1)! may the Devil not take me (my skin)
  8. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Bí cinnte anois agus tabhair leat é. be sure to bring it with you. Gheobhaidh M. a dhóthain is éirí (51) M. will be hard put to get up. Beidh jab a'd agus breith orm (5), you will have a job to catch me. Nach mór an deabhal a bhí air agus é a dhéanamh (27), wasn't he the devil to do it. Tiobhraidh sé cnáimh le crinneadh dhó is an tír sin a choisint (12), it will put him to the pin of his collar to defend that country.
  9. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí iongantas orm a fheabhas is a bhí an Ghaedhilge aige, I was surprised at how well he knew Irish.
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    4.(Le fo-rá tuarascálach)
    Sampla(í) Úsáide:
    Seo siar an bóthar fear acab agus fear éasca, a dhearbh-bhráthair (5)! there went westward on the road one of the men - a nimble man, brother! Bhí Micilín annsin ag imtheacht is báinín bán air, then there was M. going about wearing a white homespun jacket. Chuir sí amach an lá seo é agus séalán aige, she sent him out this day with a strainer. Tháinig mé anoir 's í a'm (25), I came from the east with it (spade).

Pages

Subscribe to ágús