You are here

ádh

  1. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Ar thóir an áidh, seeking one's fortune. Lucht áidh agus mí-aidh, lucky ones and unlucky ones.
  2. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí sciorta den ádh orthu agus a gcosa a thabhairt saor abhaile leo, they were somewhat lucky to get home safe & sound.
  3. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Sea, tánn sibh ag imeacht anois agus go n-éirí an t-ádh libh, well, you are off now and may you be lucky, (good luck to you).
  4. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí sé d'ádh ormsa éalú le m'anam as an áit in am, I was fortunate enough to escape alive from the place in time.
  5. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Ní raibh an t-ádh riamh le haoinne a dhéanfadh a leithéid d'éagóir, no one who perpetrate such injustice could be fortunate.
  6. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    good fortune
    Sampla(í) Úsáide:
    An t-ádh ná raibh leat, mhuis! May misfortune overtake you, then!
  7. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    luck, prosperity.
    Sampla(í) Úsáide:
    "bhí an t-ádh leis", "Go n-eirighe an t-ádh leat"
  8. adh
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    good luck (1).
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí an t-ádh ort. Bhí ádh imeartha air (27) he was lucky at gambling. Bhí ádh cártaí air (22), Ádh crainnte (77) luck at drawing lots. Goil san ádh, to strike luck. Sin an lá a ndeacha se san ádh. D'imthigh sé san ádh (46) his going away was the beginning of prosperity for him. Barr ar an ádh, to add to the misfortune. Chuaidh mé ann, barr an ádh (25), I went there to add to my misfortune. B'fhéidir go madh é an t-ádh dhó é, perhaps it was for his luck. Go gcuire dia an t-ádh ort. (1)! deirtear le duine a thugann tuairim áiféiseach uaidh nó insíonn scéal dochreidte. Go n-éirí an t-ádh leat! May you prosper. Sfh. An té a mbíonn an t-ádh air ar maidin, bíonn sé air tráthnóna (1a) An té a mbíonn an t-ádh air, bíonn sé ar a chur is ar a mhada (1a) (ar a chearc is ar a lacha). Níl fhios cés fearr an t-ádh ná éirí go moch (2) (6), one doesn't know whether it is better to be lucky (or depend on one's luck) or to work hard. Féach caipín sciorta.
  9. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    a.f. "san ádh"
    Sampla(í) Úsáide:
    "D'imthig siad san ádh" (46) .i. bhí an t-ádh ortha agus imtheacht, bhí an t-ádh orthab san áit a ndeacha siad chuige.
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    a.f. .i. rath
    Sampla(í) Úsáide:
    "go gcuirfidh dia an t-ádh ort!" adeirtear le duine a bhfuil dul amugha air, nó a innsigheann sgéal do-chreidte.
Subscribe to ádh