You are here
                    
                                          
Na Déise
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     An lá athá indiu ann. = Now-a-days. = .i. the present day.  Is mór an deifir athá idir an saoghal sa lá athá indiu ann agus an saogal fad ó. = The world now-a-days is very different from the world long ago.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Lá desna laetheanta so. = one of these days. = a sort of formal way of saying it.  Lá éigin. = Some day. = níos coitchinn  Lá éigin go luath cuirfidh sé é fhéin i bpoll ná beidh sé fuirist teacht as. = Some day he'll get himself into a "hole" 7rl.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Lá dár saoghal. = a (special) day of our lives.  Lá dár saoghal iseadh é. = Lá caitheamh aimsire  Déinimís lá dh = Let us make a "day" of it.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Gach aon lá. = every day.  Thá sé ag dul i bhfeabhas gach aon lá. = He is improving day by day.  Thá sé ag teacht chuige fhéin gach aon lá. = every day, day by day.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Breacadh an la = break of day.  Thá sé in a lá. = it is day.  Thá sé in a lá gheal. = it is broad daylight.  Fan go lá. = Stay till daylight. = till dawn.  "Fáinne an la" = in amhráin.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Go lá an breitheamhantais. = till the day of judgment.  Lá an Luain. = day of judgement.  Lá Philib a cleit = day of judgement.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Ó lá go lá. = from day to day.  Bíonn sé ag gabhailt do'n obair ó lá go lá.  Bhí me ag tnúth ó lá go lá go bhfaghainn cúntas éigin. = I was hoping from day to day to get some news.  Dh'imthigh laetheanta breaghtha an tSamra(idh) leotha o lá go lá 7rl. = Day by day the summer passed 7rl.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Gach aon lá. = every day.  Gach aon lá i ndiaidh a chéile = One day after another.  Bíonn an gabha ag obair in a cheárdta gach aon lá i ndiaidh a chéile ó cheann go ceann na bliadhna. = day in day out from year's end to year's end.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Bhí lá agam agus is beag an beann a bheadh agam air. = I had a day and t'is little I'd care about him.  Bhí lá ann agus ní beadh meas madra ort. = There was a time you would not have a dog's respect.  Lá fad ó agus me 7rl.        
  
          Tuilleadh   
          -   
          lá        
  
      Ciall nó Míniú (BÉARLA):     day        
  
      Sampla(í) Úsáide:     Ó lá go lá. = from day to day.  Bíonn sé ag tnúth le leitir ó n-a mhac ó lá go lá. = Hoping for a letter from his son from day to day.  Bíonn sé 'gá rádh leis fhéin ó lá go lá go n-eireóchaidh sé as an leaba. = Saying to himself from day to day 7rl.  Ag maireachtaint ó lá go lá. = living from day to day.        
  
          Tuilleadh   
      
      
  
      Pages