You are here

Tiobrad Árann

  1. slámóg
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Straoill, bean gur Cuma leí conus a cuireann sí a cuid éadaigh uirrí.
    Tuilleadh
  2. slíbín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine glic réidh-labharthach lúbach.
    Tuilleadh
  3. sliumhnán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine sleamhan réidh gan mórán le rá aige, sórt rógaire.
    Tuilleadh
  4. sliumhnánaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Sliumhnán, fear a shleamhnuigheann isteach i dtigh nú i gcuideachtain i gan fhios do na daoine annsan, beagnach.
    Tuilleadh
  5. sméarálaidhe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear ná fuil ar a lámhaibh ach ordóga, ná fágann snas ar a chuid oibre, útamálaí.
    Tuilleadh
  6. smugach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Dána, pusach, duine óg a bhíonn an iomarca iontaoibhe ar féin aige, ro-cinnte ann féin , bíonn sé smugach; 'too cocksure of himself'.
    Tuilleadh
  7. smugachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine mar sin, garsún, nú fear óg go mbíonn 'pus salach' air.
    Tuilleadh
  8. smuilcachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Garsún dána borb droch-mhúinte.
    Tuilleadh
  9. smúránaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine gan brigh, tostach, dúr, ach bíonn sé sleamhan mar sin féin.
    Tuilleadh
  10. snámhachán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine nach fuil labhairt air, bacach, duine ná seasann ar a chosa féin ariamh.
    Tuilleadh

Pages