You are here

Tír Chonaill

  1. cuairt
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a circuit, a visit, a round of stitches in knotting
    Sampla(í) Úsáide: Trí nó ceathair de chuarta, three or four times. Thug sé cuairt orainn, he paid us a visit. Suidh agus déan do chuairt, sit down and have a chat. Ní raibh mé an ach seal mo chuarta, I only paid a flying visit to the place. Prov: Cuairt gheárr agus a déanamh go h-annamh, do not wear out your welcome.
    Tuilleadh
  2. cual
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a bundle, a faggot
    Sampla(í) Úsáide: Trí chual connaidh, three bundles of firewood. Tá sé ina chual chnámh, he is (worn to) a bundle of bones.
    Tuilleadh
  3. cuan
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a harbour, a bay
    Sampla(í) Úsáide: Cuan a dhéanamh, to land.
    Tuilleadh
  4. cuantar
    Sampla(í) Úsáide: Ar chuantar, on condition.
    Tuilleadh
  5. cuartaíocht
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): visiting (in the day-time, as distinct from áirneál, visiting at night)
    Tuilleadh
  6. cuartú
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): search, searching
    Sampla(í) Úsáide: Chuaigh cuartú air, they went to look, search, for him.
    Tuilleadh
  7. cubhais
    Sampla(í) Úsáide: Dar mo chubhaise, upon my word
    Tuilleadh
  8. cubhar
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): foam, froth, spume
    Tuilleadh
  9. cuibhreann
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a tilled field, an enclosed piece of ground, an allotment, partnership, association
    Sampla(í) Úsáide: Cuibhreann coirce, a field of corn. Is furas a chur i gcuibhreann, he is not difficult to please in the way of food. An fear a chuaigh i gcuibhreann léithe tá truaighe agam-sa dó, the man that married her has my sympathy.
    Tuilleadh
  10. cuid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): share, portion, some, a meal
    Sampla(í) Úsáide: Mo chuid aigid, my money. Mo chuid airgid-se, my money. Mo chuid-se, mine, my portion or share. Bhí sé ag déanamh a chodach, he was eating. Sin a chuid den tsaol; it is his one interest in life. Ní thug mé an chuid sin de dó, I did not let him get away with that argument. Rinne sé a chuid féin de, he made his own of it. Níl cuid na ranna ann, there is not enough to go round. Mo chuid féin, what belongs to me by right. Cuid na cómharsan, the neighbours’ goods. Amach ó chuid ghrinn de, except as a joke. Ní raibh cuid sagairt ann, he was unconscious when the priest came. Níor chuid bhuíochais ar bith dó é, I would not thank him for it. Bhí siad ar a gcuid ar a ghabhail isteach dom, they were at their dinner (etc.) when I went in. Tá cuid mhór le rá aige, he talks a lot. Prov: Bídh fear na chéad-chodach buíoch nó díombuíoch, he who gets the first portion gets either too much or too little. Rinne sé cuideannaí de, he broke it into bits. Bhisigh siad i gcuid agus i ndaoine, their worldly wealth and their family have increased. Prov: Ná tréig fo charaid ar do chuid, do not desert your friend for the sake of worldly gain. Rinne siad cuid chuideachta de, they made a laughing stock of him. Níl cuid bhuailte ann, he is not worth beating. An chuid eile, the rest; the others. Ta cuid a chaite ann, he will wear well. Cuid mhaoite, something to boast about. Do chuid féin a dhéanamh de mhnaoi, to live with a woman (as if she were your wife). Is é an chuid is measa de ...., the worst of it is that ... Cuid mhaith oibre, a good deal of work. Cuid mhór daoine, many people.
    Tuilleadh

Pages