You are here
                    
                                          
Liath Mór Mocaomhóg
                                                                                
              
    
    
  
    
        
  
  
      
                    -   
          cnapachán        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Garsún láidir go bhfuil ceann mór air.
 Tuilleadh
-   
          cnapaire        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Duine gan aon mhaith ann go bhfuil ocras ina chroí.
 Tuilleadh
-   
          codla-na-seasamh        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Fear a bheadh chomh díomhaoin leiscúil go dtuitfeadh a chodla air agus é ag obair.
 Tuilleadh
-   
          coileán        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Dailtín dána.
 Tuilleadh
-   
          colmóir gránda         
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Fear ná fuil deis na hoibre ann, ná fuil déanamh ná dealramh fir oibre air.
 Tuilleadh
-   
          conablach        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Fear salach (Is beag sráidbhaile i gCo. Luimnighe nach raibh 'cinnabler' ann go dtí le fir-déanaí agus ní raibh aoinne aca salach).
 Tuilleadh
-   
          criogar         
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Duine beag éadrom cruaidh.
 Tuilleadh
-   
          crotach        
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Fear beag leathan-ghuailleach.
 Tuilleadh
-   
          cruiteachán         
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Fear go bhfuil dronn ar a dhrom.
 Tuilleadh
-   
          dailtín         
 Ciall nó Míniú (Gaeilge):     Garsún dána droch-oilte.
 Tuilleadh
      
  
      Pages