You are here

Liath Mór Mocaomhóg

  1. garbhán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine láidir garbh ach níor mhair ach 'na leas-ainm le mo linn. Ní raibh na 'Garbháin' garbh an uair sin ach bhíodar láidir garbh tráth agus is dá thoradh sin a lean an ainm díobh (Garbhán = stone-crop, a plant of the walls, sedum anglicum ach innistear dom ar údarás maith nach bhfuil ach ainm áitiúl ann).
    Tuilleadh
  2. gárlach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (i) Leanbh nach raibh a mháthair pósta.
    Tuilleadh
  3. gárlach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (ii) Leanbh ceann-dána a raghadh i gcoinibh a athar is a mháithair.
    Tuilleadh
  4. gárlach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): (iii) óg na cuaiche i nid éinín coise na bó sar a-chaithtear ál an éin sin as an nid, agus is docha 'na dhiaidh sin leis.
    Tuilleadh
  5. geabaire
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cailín nú garsún a bíonn ag caint gan stad.
    Tuilleadh
  6. geanúil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Grádhmhar, deas, cineálta.
    Tuilleadh
  7. geocach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine tugtha do'n ólachán agus gan meas aige féin nú ag éinne air féin, duine ocrach caolaigeanta.
    Tuilleadh
  8. glad-óinseach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cailín a dhéanfadh rud éigin gan aon chiall ach gan aon díogbháil ann, creachálaí.
    Tuilleadh
  9. glámhánaí
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Garsún atá ceanúil ar olagóinteacht, fear gur gnáth leis bheith ag déanamh gearáin, fear an bhéil bhoicht.
    Tuilleadh
  10. gligín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear (nú cáilín) go bhfuil an-mheas aige air féin, a chuireann stór mór ar éadaighe breátha ach ná bíonn mórán intleacht aige.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Liath Mór Mocaomhóg