You are here

Árainn Mhór > na Rosa

  1. fad
    Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí fad na teanga riamh uirthi (orm féin, air) .i. dúirt mé an iomarca, nó dúirt me rud eicínt narbh cheart domh a rá. 2) Bean a bhí innti a raibh fad na teanga riamh uirthi .i. dúirt sí rud éigin narbh cheart dí a rá. .i. d'fhéad sí a beal a choinneáil druite.
    Tuilleadh
  2. tuatach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): duine neamh oilte, duine nach bhfuil fios a cheirde aige "handyman", duine nach fear ceirde é.
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá sé á dhéanamh agus ba cheart do duine inteacht a fháil chun é a dhéanamh dó. Bíodh a fhios agat nach jab ar bith ag tuatach a leithéid sin. 2) Cad é a ba chúis leis an tine? Bheul tuatach a chur isteach na solais sa teach agus idir mise agus tusa, ba é an tuatach daor é i ndeireadh 'ama (.i. chuaigh an teach le thine agus níor fágadh ina sheasamh de ach na ballaí).
    Tuilleadh