You are here

ceann

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    roof, dome
    Sampla(í) Úsáide:
    Cuireann an meaigidí ceann ar a nead.
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head
    Sampla(í) Úsáide:
    Ceann muice - pigs head. leath-ceann (muice) - "half-head". ceann caorach - sheep's head. Ceann Mairt - Cow's head. Ceann bó - Cow's head.
  3. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    roof
    Sampla(í) Úsáide:
    ceann tuighe - thatched roof. ceann slinne - slated roof. ("Cuileann a bhainfí um Shamhain, cuirfeadh sé ceann ar thig" - cuid de seana-rann.)
  4. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head
    Sampla(í) Úsáide:
    Chuir sé a cheann fé(ig). - He put his head under him, .i. he bowed his head. Chrom sé a ceann. - He bent his head. Chuir sé a cheann fé(ig) le náir - He bowed his head in shame. Bhí a cheann cromtha aige. - He had his head bowed.
  5. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    end
    Sampla(í) Úsáide:
    ó cheann go ceann na sráide - from one end of the street to the other. "ó cheann go chéile" - from end to end. (Nílim deimhneach ar fad de seo.)
  6. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head, leader
    Sampla(í) Úsáide:
    Deineann sé ceann de fhéin pé áit a mbionn sé. - He makes a head of himself wherever he is. Teastuigheann uaidh a bheith 'n a cheann ar gach aon rud. - He wants to be the head of everything.
  7. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head, cover, lid
    Sampla(í) Úsáide:
    Cuir an ceann thar-nais ar a' mbosca. Cá'il ceann an corcáin. - Where is the cover of the pot. Bhain sí an ceann de'n scéal. - She "revealed" the story. - .i. something that was secret.
  8. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí a ceann san aer aici. - She had her head up in the air. Thá cúis aige a cheann a bheith ináirde aige. - He has reason to hold his head high. - .i. to be proud. "Ísligh do cheann agus árdóchaidh Dia e" - Rádh, .i. Be humble and God will lift up your head.
  9. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head, leader
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí sé mar cheann ar na treontuithe d'iarradh a gceart a bhaint amach. - He was a leader of the tenants in trying to get their rights. B'e a ceann é a bhí ar lucht oibre an bhail - He was leader of the workers of the place.
  10. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    head
    Sampla(í) Úsáide:
    Dul i gceann oibre, to begin work. Chuaigh sé ina cheann dó, it (drink, money, etc.) went to his head. Ar an cheann chaol de, at the very least. Bhí sé i gceann a dheich mblian, he was ten years of age. Ise a chuir ina cheann é, she put him up to it. Bheir sin in mo cheann, that reminds me. An ceann eile de féin, his near kinsman or kinswoman. Fá cheann chúig mblian, five years from now. I gceann na h-aimsire, in the course of time. Bhí sé ina cheann mhaith mná, he was a good husband. Bhí sí ina ceann mhaith do na dílleachtaí, she treated the orphans well. A cheann a thabhairt do dhuine, to give a person scope. A cheann a leigean le duine, to set a person free. Tá fiche punta ina ceann aige, he is expecting £20 for her (cow). Má théim in do cheann beidh aithreachas ort, if I have to punish you, you will be sorry for yourself. Ceann scaoilte, at a loose end, without guidance. I gceann an méid atá aige, added to what (money etc.) he has. Ceann na láimhe, the hand from the wrist out. Bhí sé i gceann bata orthu, he was beating them with a stick. Uair i gceann na míosa, once a month. Bhí ceann conafa air romhan, he received me coolly. Cúig lá an ceann amuigh de, five days at the longest. Dhá cheann an lae, morning and evening. Thóg an aicid ceann arís dó, the ailment came against him later on. Thóg siad ceann corr do, they mad him the butt of their ridicule. Chuir sé an gloine ar a cheann, he put the glass to his lips. Ó chuir sé ina cheann é, since he has made up his mind. An ceann beag, small on Ceann de na caoirigh, one of the sheep. An ceann thuas, thíos, the upper, lower, end. Caidé a bhí ina cheann? What did he mean? Bhí an leas-mháthair ag caitheamh droch-cheann leo, the step-mother was treating them badly. Tabhair cead a chinn dó, let him go, do it, his own way. Tá a cheann leis an iarraidh seo, he is free this time. Rudaí a chur i gceann a chéile, to assemble things. Thug sé a cheann as an ghleo, he survived the conflict. Ceann óg, a young one (of animals only). An oíche a chuaigh siad i gceann a chéile, the evening of their betrothal. I gceann speile etc., working with a scythe, etc. Ceann urraidh, the head of the family or household. Ceann a chur ar theach, to roof a hous Ceann tuighe a thatched roof. Ceann sclataí, a slate(d) roof. Droch-cheann air, bad scran to him. Ceann a chur ar an phaidrín, to say the prayers after the decades have been said, the "trimmings". Ceann feadhna, a leader, an army commander. Ceann feadháin, ring-leader. Os ceann, over, above, more than. Bhí an tubaiste os a cheann, the tragedy, disaster (?) was fated for him. Seoladh ós ceann carraige, sail to windward of a rock. Dul chun cinn, to make progress, to advanc ceann craigirlín, a small horned fish.

Pages

Subscribe to ceann