You are here

anam

  1. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    (Níl aon bhrigh láidir le 'm'anam' in abairtí mar sin, níl ann ach sórt leath-fhocal atá an-choitcheannta ar fad - féach chomh lag is atá sé annseo "m'anam go ndeacha, feictear dhom").
    Sampla(í) Úsáide:
    "Dair m'anam" (1), "Dair brigh m'anama" (1) "M'anam a dhia is do Mhuire" (1a). "M'anam go gcreidfinn é" (7) "M'anam go bhféadfá a rádh" (30). "Tá, a m'anam" (7).
  2. Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    a.f go h-anam .i. ar fad (focal nua-aosach?)
    Sampla(í) Úsáide:
    "Chuir sé a chois go h-anam ann" (1). "Ghabhfadh sé air go h-anam" (1) .i. bheadh sé ag súdáireacht air, ag magadh faoi, go dona. "Muinuigheadh go h-anam é" (1a) .i. mionuigheadh go géar é.
  3. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    "Bhí sé ag cur a anam amach thar a bhéal" (3) .i. Bhí an-fhaitchíos air (agus é ag rith go h-iondúil). "I gcontabhairt a anama" (1) .i. i mbaoghal a bháis. "Bhí faitchíos m'anama orm" (1). "Rith sé leis i mbun a anama" (3) .i. "I mbárr a anama" (1). "le bun a anama! (27) id. "Bhí mé in achar a n anama" (33) .i. i mbaoghal báis. "Bhí a chroidhe is a anam ann" (27) .i. Bhí an dúil aige ann, an-grádh aige dhó. "Ní raibh anam duine ann romhan" (2) .i. Ní raibh deoraidhe..... "Tá sé ag díol a anama" (22) le fear siopa bhéadh ag camadh i dtaoibh meadhachana. "Chomh dubh le anam tincéara" (1)
  4. Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí anam céad fear aige ina phóca - (CÓC) He had the power of life and death over...

Pages

Subscribe to anam