You are here

ach

  1. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    1. Cón. (d) (Cón. ain. le fo-rá nó fo-chlás)
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí mé an-sásta ach é imtheacht (34) I was very pleased that he went. Cf. (c) thuas. Ní chreidfeá ach a raibh acab ann, you wouldn't believe the great number of them that were there. Ní creidfeá ach an t-iongnadh a chuir sé air, you wouldn't believe the wonder it caused him. Is beag nach gceapfá ach gurb é deireadh an tsaoghaill é (1A) you would almost think it was the end of the world.
  2. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    as soon as, when
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    1. Cón. (c) Ach a (cón. ama), as soon as, when.
    Sampla(í) Úsáide:
    Tá siad ag goill ar baint fhraoigh ach a dtiocfaidh an sioc, they are going to start in on cutting the heather as soon as the frost comes... Beidh spraoi againn ach a dtige sé (6) we will have fun as soon as he comes. ach a dtosaí siad ag leagan beatha anuas (25) as soon as they start serving food.
  3. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    provided that
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    1. Cón. (b) (Cón. coin. le a. br.) provided that.
    Sampla(í) Úsáide:
    Bheadh sé ceart, ach páighe maith a bheith ann, it would be alright provided that the pay was good. Is cuma leis ach ag fraeicsáil leis (4), he is happy provided he can go gadding about.
  4. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    but
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    (a) (Cón. Comhord.), but.(ii) (Le br. spleach nó fo-rá a. br.)
    Sampla(í) Úsáide:
    Níl sé gann chor ar bith ach iad á choinneál (62), it's not scarce at all but it's how they are keeping it.
  5. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    but
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    1. Cón. (a) (Cón. Comhord.), but. (i) (le br. neamhspl.).
    Sampla(í) Úsáide:
    Níor ghearrais - ach gearrfaidh tú (7) you didn't cut it, but you will. Rinne sí iarracht ar éirighe ach níor thug seisean a chead dí. (10), she attempted to rise but he did not allow her.
  6. ach
    Iontráil:
    Sampla(í) Úsáide:
    ní rabh uch, ach ná éagcaoin uaidh, he made no moan.
  7. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    1. Cón.(e) Ach mar (con. le fochlás com.)
    Sampla(í) Úsáide:
    Deabhal blas atá siad a fhagháil sa mbaile mór ach mar tá muide a fhagháil (7), devil a bit are they getting in the town other than what we are getting. Ni thiobhrthá samhail ar bith dhá chuid stocaí ach mar thomfá síos i mbuicéad uisce iad, his stockings were as if you steeped them in a bucket of water - there was no other comparison for them.
  8. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    1. Cón. (f) Ach oiread le (Con. le fo-rá, com.)
    Sampla(í) Úsáide:
    Dheamhan difríocht a bhí ann ach oiread le bheith annseo, it was no different from being here.
  9. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    no more than that.
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    2. Réamh. (g) Ach mar sin.
    Sampla(í) Úsáide:
    Dheamhan a fhios agam ach mar sin (62), I know no more than that. An rabh ciall ar bith ariamh agat ach mar sin? (3) had you ever more sense than that? (h) Blas ar bith ach....Ceó ar bith ach... Blas ar bith ach gur thug mé aniar iad (50), I only just succeeded in bringing them from the west. Ceo ar bith ach nár leag sé é (2) he almost knocked him down.
  10. ach
    Iontráil:
    Ciall nó Míniú (BÉARLA):
    no more than, the same as.
    Ciall nó Míniú (GAEILGE):
    2. Réamh. Dobh (f) Ach oiread le.
    Sampla(í) Úsáide:
    Bhí a dhótháin olta aige ach oiread le duine, he had enough drink taken, just the same as some others. Céard é féin ach oiread le fear ar bith? what is he any more than any other man?

Pages

Subscribe to ach