You are here

Na Déise

  1. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (at home)
    Sampla(í) Úsáide: A bheith istigh leis féin. - to be on good terms with himself. Níl sé istigh leis féin sa "job" atá aig - He is not happy in the job that he has. He is not "at home" in the job he has.
    Tuilleadh
  2. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (troubled)
    Sampla(í) Úsáide: Bhí ualach ar m'aigne - There was a load on my mind. Bhí ualach trioblóide ar mo chroidh - There was a load of trouble on my mind.
    Tuilleadh
  3. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (guilty)
    Sampla(í) Úsáide: a bheith cionntach - to be guilty, to be to blame. B'é ba chionntach iad a bheith mí-shásta. - He was the cause of their being discontented. Déineann an uireasa daoine mí-shásta le n-a saoghal. - Want makes people dissatisfied with their life.
    Tuilleadh
  4. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (empty)
    Sampla(í) Úsáide: bhí folamhas (folũs) im chliabh istigh. - There was an emptiness in my breast. Bhí folomhas im chroidhe agus im chliabh. - There was an emptiness in my breast and my heart. Bhí folomhas im chroidhe ar feadh i bhfad tar éis a bháis. - There was an aching void in heart for a long time after his death.
    Tuilleadh
  5. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (sorry, grieved)
    Sampla(í) Úsáide: bhí cás orm- I was sorry, I grieved. bhí cás orm i dtaobh a rinneas leis. - I was sorry on account of what I did to him. bhí cás air ar feadh i bhfad i n-a dhiaidh sin. - He was sorry for a long time after.
    Tuilleadh
  6. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (undecided)
    Sampla(í) Úsáide: a bheith i "ngalar na gcás". - to be undecided, to be perplexed. bhí mé i ngalar na gcás aca agus ní raibh fhios agam cad a dhéanfainn. - I was puzzled, I did not know what to do.
    Tuilleadh
  7. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be ("at" someone)
    Sampla(í) Úsáide: Níl aon mhaith a bheith leis. - There is no good being "at" him. Ní raibh aon mhaith dá mháthair a bheith leis, d'iarradh é chur ar a leas. - It was no good for his mother to try and direct him in the right way. Bhí sé leis riamh is choiche go dtí gur géill sé do. - He was "at" him until he yielded.
    Tuilleadh
  8. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (good to someone)
    Sampla(í) Úsáide: a bheith go maith do. - to be good to him. Bhí sí go maith dá a leas-chlann. - She was good to her step-children, .i. she treated them well. Bhíodh sí go maith i gcomhnuidhe dá lucht oibre. - She was always good to her workers.
    Tuilleadh
  9. a bheith
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to be (in business)
    Sampla(í) Úsáide: a beith i mbun gnótha sa mbaile mór. - to be in business in the town. Thá sé i mbun gnótha grósaera i gCluainmeala. - He is in the grocery business in Clonmel.
    Tuilleadh
  10. a chimeád amach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to keep at arm's length
    Sampla(í) Úsáide: é chimeád amach uait - .i. gan ligint do a bheith ró-mhuinntear leat. Ciméad amach uait é. = droch-chuideachta iseadh é.
    Tuilleadh

Pages